Media Centre

Fás as cuimse ar Aerfort Bhaile Átha Cliath in 2005  

Léiríonn figiúirí oifigiúla dheireadh na bliana, a scaoileadh inniu an 16 Eanáir, gur thaisteal 18.4 milliún paisinéirí trí Aerfort Bhaile Átha Cliath anuraidh.  Is ionann é seo agus 1.3 milliún paisinéir breise agus is méadú 8% é ar fhigiúirí 2004.
Tháinig an fás ba mhó ar an trácht ar na bealaí chun na hEorpa agus go Tuaisceart Mheiriceá.  Tháinig fás iontach de 18% ar thrácht chun na hEorpa le níos mó ná 8.1 milliún paisinéir ag taisteal i 2005.  Tháinig an fás de bharr meascán de bhealaí nua Eorpacha agus aerárthaí níos mó i mbun oibre ar na seirbhísí atá ann faoi láthair.
Bhí fás suntasach ar na bealaí chuig Tuaisceart Mheiriceá i 2005 freisin le hardú 14% ar líon na bpaisinéirí.   Thaisteal 1.2 milliún paisinéir san iomlán isteach agus amach ó Aerfort Bhaile Átha Cliath ar na seirbhísí iomadúla trasatlantacha.
Tháinig laghdú de 1% ar thrácht chuig an RA le beagán thar 8.2 milliún paisinéir ag taisteal i 2005.  Is é an fáth atá leis an laghdú beag seo ná mar gheall ar laghdú i gcumas freastal ar phaisinéirí chuig an RA san aerfort agus titim sa thrácht atá ag ceangal le heitiltí eile mar gheall ar fhás sa ghréasán d'eitiltí díreacha chuig an RA ó aerfoirt eile in Éirinn.  Bhí laghdú de 5% ar thrácht intíre go dtí 650,000 paisinéir. 
Ba bhliain fhíorghnóthach eile í an bhliain seo caite don Aerfort ó cuireadh tús le 31 seirbhís nó bhealach nua.   Tá 50 aerlíne againn anois agus eitiltí sceidealta acu go 112 spriocanna idirnáisiúnta anois. Ní raibh a leithéid riamh ann agus tá breis le teacht.  Tá breis is 30 seirbhís nua pleanáilte don chéad ráithe de 2006, agus is bealaí nua a bheidh i leath díobh sin don Aerfort.
Ag trácht ar an gcaoi ar éirigh leo anuraidh, dúirt Stiúrthóir Aerfort Bhaile Átha Cliath, Robert Hilliard  “Tá fás ar líon na bpaisinéirí anois ar feadh 14 bliana as a chéile ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus tá mé cinnte go mbeidh an scéal amhlaidh i rith 2006. Léiríonn an trácht atá á thuar againn go bhfuil féidearthacht mhór ann go sáróidh an Aerfort an tairseach thábhachtach de 20 milliún paisinéir  don chéad uair  níos déanaí i mbliana.
Is léiriú é an fás leanúnach seo go bhfuil Éire mealltach mar cheann scríbe gnó agus fóillíochta, agus freisin go bhfuil seirbhís agus luach ar airgead á chuir ar fáil ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus na haerlínte atá anseo” arsa an tUas. Hilliard.

Críoch
16 Eanáir, 2006

 I gcomhair tuilleadh eolais téigh i dteagmháil le: Siobhán Moore - 087.2710065