Top Level Content Navigation:
Tá seilbh ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath cpt ("ÚABÁC"), tríd an
bhfochuideachta Aer Rianta International c.p.t. ("ARI") atá faoina úinéireacht
iomlán, ar leas 24.125% in Aerfort Idirnáisiúnta Birmingham (BIA).
Tá BIA ar an gcúigiú aerfort paisinéara is mó sa RA agus ar an dara ceann is mó
lasmuigh de Londain agus rinneadar díreach faoi bhun 9.5 milliún paisinéir a
láimhseáil sa 12 mí dar críoch 31 Márta 2006.
Tá fógra tugtha ag ARI
agus Macquarie Airports Group, a bhfuil seilbh acu ar leas 24.125% i BIA chomh
maith, go bhfuil sé beartaithe acu diúscairt an leasa nasctha 48.25% a iniúchadh
trí phróiseas comhdhíolacháin.
Beidh cinneadh ar bith a bhaineann le
dífheistiú an chomhleasa acu ag brath ar chaighdeán na dtairiscintí go bhféadfaí
a aimsiú.
Teagmháil:
Vincent Wall, Stiúrthóir - Cumarsáid,
ÚABÁC
Teil.: 01 8144107
Fón Póca: 087-6860727
Secondary Content Navigation: