Top Level Content Navigation:
Méadú um muirir pháirceála carr ag Aerfort Bhaile
Átha Cliath chun Tacú le Clár Infheistíochta
Tá muirir pháirceála carr ag
Aerfort Bhaile Átha Cliath chun méadú ó Dé Céadaoin, 18 Eanáir, 2006.
Tacóidh na muirir níos airde le hinfheistíocht shuntasach d’fhonn líonra
forleathan carrchlós an Aerfoirt a athchóiriú. leathnú agus a
uathoibriú.
Ardófar an ráta uaire do na carrchlóis ghearrthéarmacha in aice
le foirgnimh chríochfoirt an aerfoirt faoi 30 ceint go dtí €3. Tá sé seo
ag teacht le beartas Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (ÚABÁC) a rátaí páirceála
gearrthéarmacha a nascadh leo siúd atá i bhfeidhm i gcarrchlóis lár na cathrach
i mBaile Átha Cliath. Tá an ráta laethúil i gcomhair úsáid na gcarrchlós
gearrthéarmach gan athrú ag €30.
Ardófar an ráta laethúil ag carrchlóis
fhadtéarmacha éagsúla Aerfort Bhaile Átha Cliath faoi 50 cent go dtí
€8.50.
Tá sé i gceist ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath leanúint ar
aghaidh ag gearradh muirir thráchtála tagarmharcála i gcomhair a sheirbhísí
páirceála carr chun na fáltais a bheidh ar fáil don chuideachta a uasmhéadú i
dtimpeallacht a bhfuil rialacháin ghéara ag baint léi agus chun maoiniú a
dhéanamh ar infheistíocht leanúnach shuntasach ina sheirbhís páirceála
carr.
I rith na bliana 2006 is ea a dhéanfar infheistiú gar do €10m chun
caighdeáin seirbhísí custaiméirí carrchlóis Aerfort Bhaile Átha Cliath a
fheabhsú a thuilleadh.
Áireofar leis an infheistíocht ag na carrchlóis
ghearrthéarmacha clár athchóirithe chun bloic ilstóracha níos gile agus níos
glaine a sholáthar le gnéithe slándála nuafheabhsaithe; forbairt cóistechlóis
nua agus limistéar do ligean síos na bpaisinéirí; agus soláthar taistealach nua
chun paisinéirí a sheachadadh ó atriam an charrchlóis go dtí na leibhéil chuí i
bhfoirgneamh an chríochfoirt.
Áireofar leis an infheistíocht sna
carrchlóis fhadtéarmacha soláthar 3,000 spás sa bhreis ag Harristown, ag
tabhairt líon iomlán na spásanna fadtéarmacha a bhíonn ar fáil ag na
buaicthréimhsí taistil go dtí timpeall 17,000.
Tá ard-fhorbairt ar phleananna
chun tionscnaimh shuntasacha seirbhíse do chustaiméirí bunaithe ar
theicneolaíocht a sheachadadh i rith na bliana 2006. Áireofar leo sin roghanna
réamh-áirithinte ar líne agus íoc roimhré; áiseanna cártaí creidmheasa agus
dochair ag na bacainní amach; agus córas aithint uimhirchláir agus córas CCTV
nua chun breis slándála a sholáthar do chairr atá páirceáilte ag an
Aerfort.
Déan Teagmháil leo seo a leanas i gcomhair a Thuilleadh Eolais:
Vincent
Wall
(01)
8144107
(087) 6860727
Secondary Content Navigation: