Media Centre

Óstáin an Great Southern le Díol

Tá cinneadh glactha ag bord an Great Southern Hotels (GSH) comhairleoirí a fhostú chun cabhrú leo a sócmhainní óstáin a dhiúscairt.   Tá sé ar intinn acu na hóstáin a dhíol mar ghnóthais leantacha. 
Eagrófar cruinnithe go luath leis na foirne agus le hionadaithe ceardchumainn le dul i ngleic leis na deacrachtaí atá os comhair GSH. 
Ba mhian le Great Southern Hotels a ghealladh dá gcustaiméirí agus dá comhpháirtithe gnó go léir go bhfuil sé ar intinn acu na hóstáin a reáchtáil mar is gnách i rith an phróisis sin.
Tacaíonn Bord Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath go hiomlán leis an gcinneadh seo, agus tugann sé a fhormhuiniú dó, agus tá gach eolas tugtha aige don rialtas faoi os rud é gur scairshealbhóir é.   Is fochomhlacht d'Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath é Great Southern Hotels agus is leis amháin é. 

Críoch
7 Feabhra 2006
Le breis eolais a fháil téigh i dteagmháil le: Vincent Wall ag 087.6860727