Top Level Content Navigation:
Tá bainisteoirí Aerfort na Sionainne agus Údarás Aerfort
Bhaile Átha Cliath (UAB) tar éis fáilte a chur roimh an gcomhaontú faoi
athchóiriú costas in Aerfort na Sionainne a rinneadh leis na ceardchumainn go
moch ar maidin inniu.
“Ar an ábhar go gcinntíonn an comhaontú seo an
coigilteas bliantúil €10m a bhí ag teastáil agus go dtacaíonn an Coimisiún um
Chaidreamh Oibreachais, na ceardchumainn agus an bhainistíocht go hiomlán leis,
is mór againn é mar chéim thosaigh le go gcinnteofar staid airgeadais Aerfort na
Sionainne, mar aon leis an ról ríthábhachtach atá aige in eacnamaíocht Iarthar
na hÉireann,” arsa Pat Shanahan, Cathaoirleach Feidhmiúcháin, Aerfort na
Sionainne.
“Tá an iliomad dúshlán gnó roimh Aerfort na Sionainne, ina
measc na Spéartha Oscailte atá le teacht agus breis iomaíochta ó aerfoirt eile.
Ach má ghlacann an fhoireann leis an gcomhaontú seo, féadfar an bonn costas agus
an tsolúbthacht a chur ar bun atá riachtanach le go mbeadh Aerfort na Sionainne
in ann a chuid féin a sheasamh ar an iomaíocht agus a chinntiú go mbeidh an rath
ar an aerfort, ar a chustaiméirí agus ar an bhfoireann amach anseo,” a dúirt
sé.
Is tar éis dianidirbheartaíochta i rith na seachtaine seo caite, a
d’éascaigh an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais, is ea a thángthas ar an
gcomhaontú seo ar maidin. Cuirfear an comhaontú, a bhfuil tairiscint fhlaithiúil
airgeadais ó UAB do bhaill sin na foirne a imeoidh agus dóibh siúd a fhanfaidh
mar thaca leis, chun ballóide na bhfostaithe sa tSionainn anois.
21
Márta, 2007
Secondary Content Navigation: