Top Level Content Navigation:
Luas ag Méadú faoin gClár Mór Forbartha ag Aerfort
Bhaile Átha Cliath anois
le Conarthaí Suntasacha Tógála, Deartha agus
Bainistíochta
Cláir Críochnaithe ag
ÚABÁC.
Tá pleananna i gcomhair a Chláir Forbartha nua ag Aerfort Bhaile Átha Cliath
curtha go mór chun cinn ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (ÚABÁC) trí
trí socrúcháin chonartha a dhéanamh le roinnt gnólachtaí idirnáisiúnta atá
ina saineolaithe i mbainistíocht togra, in ailtireacht aerfoirt, i ndearadh agus
i dtógáil.
Tá na conarthaí seo lárnach do sheachadadh an dara críochfort
paisinéirí agus na comhpháirteanna piara satailíte nua de Chlár Forbartha
Aerfort Bhaile Átha Cliath, a chosnóidh €1.2bn, agus a mhairfidh deich mbliana,
a d'fhógair Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath Meán Fómhair seo caite. Cuireadh
na conarthaí seo i gcrích tar éis cláir thairisceana phoiblí a bhí an-docht agus
iomaíoch.
Tá an gnólacht tógála idirnáisiúnta atá bunaithe sna Ríocht
Aontaithe, Laing O' Rourke ceaptha ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath chun
Piara D a thógáil faoi dheireadh 2007. Is í seo an áis a sholáthróidh 14 geata
bordála nua i gcomhair aerárthaí caola agus leathana. Tá cead pleanála faighte
cheana don phiara nua, agus tosóidh obair ullmhúcháin ar an suíomh don struchtúr
dhá stóir, 15,000 méadar cearnach taobh istigh den chúpla seachtain amach
romhainn.
Tá cuibhreannas comhdhéanta de Ové Arup, Pascall & Watson agus
Mace - sainchomhairleoirí idirnáisiúnta um dearadh, ailtireacht agus
bainistíocht togra faoi seach - ceaptha mar bhainisteoirí togra agus mar
dhearthóirí i gcomhair Críochfort 2, Piara E agus na hoibreacha comhtháthaithe
colbha comhlacha uilig a theastaíonn chun an críochfort paisinéirí nua a nascadh
le Críochfort 1 atá ann cheana féin.
Tá an gnólacht comhairleach costais agus
suirbhéireacht cainníochta, Davis Langdon PKS ceaptha mar shainchomhairleoirí
costais i gcomhair an críochfort nua, Piara E agus oibreacha colbha.
Mar
gheall ar chastacht agus spriocanna seachadta dúshlánacha Chlár Forbartha an
Aerfoirt,
tá cinneadh déanta ag ÚABÁC bainisteoirí cláir seachtracha a
cheapadh chun comhtháthú agus
sceideal seachadta an Chláir ina iomláine a
phleanáil. Tá an conradh seo tugtha do Turner & Townsend, an
gnólacht comhairleach idirnáisiúnta um thógáil agus bainistíocht atá
bunaithe i Leeds.
Tá Turner & Townsend tosnaithe cheana féin ag obair i
gcomhar le foireann sainithe ó
ÚABÁC agus leis na conraitheoirí eile atá ar
an suíomh cheana féin chun a chinntiú go ndéantar an Clár iomlán,
atá
comhdhéanta d'os cionn 120 togra ar scálaí éagsúla,
a sheachadadh ar
bhealach atá comhtháite, éifeachtúil ar an gcostas agus dírithe ar an
gcustaiméir.
"Is é Clár Forbartha Aerfort Bhaile Átha Cliath an infheistíocht
chaipitiúil is mó
atá an chuideachta seo tar éis tabhairt faoi riamh, agus i
dtéarmaí an réimse tograí atá le seachadadh
taobh istigh de fhráma ama
an-chúng in aerfort atá fós ag feidhmiú, is dócha gurb é ceann de na cinn is
casta ó bunaíodh an Stáit," a dúirt Declan Collier, Príomhfheidhmeannach,
ÚABÁC.
"Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach go bhfuil páirtithe
seachtracha ÚABÁC
san obair dhúshlánach seo ar an gcaighdeán idirnáisiúnta
is airde. Tá áthas orainn
go bhfuil an próiseas tairisceana iomaíoch do na
conarthaí atá curtha i gcrích go dtí seo
seo tar éis páirtithe
d'ardchaighdeán agus le go leor taithí a sholáthar dúinn. Táimid ag súil le
bheith ag obair leo agus muid ag
athrú Aerfort Bhaile Átha
Cliath thar na blianta amach romhainn isteach ina gheata iompair don 21ú
aois
atá feiliúnach do riachtanais ár gcustaiméirí, phríomhchathair na
hÉireann agus
eacnamaíocht fhoriomlán bhallstáit forásach de chuid an
AE," a dúirt sé.
Is mórghnólacht idirnáisiúnta um chonarthaí tógála é Laing
O' Rourke, a fhostaíonn os cionn
23,000 duine ar fud an domhain.
Cruthaíodh é trí chomhcheangal de ghnólachtaí Éireannacha agus gnólachtaí de
chuid an Ríocht Aontaithe cúig
bliana ó shin, agus is saineolaí é i dtógáil
bhonneagair mhóriompair.
Ar na tograí forbartha aerfoirt suntasacha
ina bhfuil sé páirteach, nó a chríochnaigh sé le déanaí,
tá Críochfort 5 nua
Heathrow, Birmingham, Dún Éideann and Dubai.
Tá Laing O' Rourke
an-ghníomhach in Éirinn, áit a bhfuil uasghrádú dhébhealach
Bhaile
Átha Cliath-Nás ar cheann dá thograí reatha is mó cáil.
Ag leathadh dó thar
200 méadar amach ar naprún na haerpháirce ar teorainn thuaidh an
Aerfoirt, soláthróidh Piara D tuilleadh acmhainn bhordála paisinéirí agus
14
seastán tadhaill nua. Déanfaidh siad seo éascú ar bhordáil agus díbhordáil
dhíreach
phaisinéirí agus déanfaidh siad cumasú ar agus slánúcháin
an-éifeachtúil de sceidil aerárthaí.
Beidh an costas iomlán a cheaptar a
bheidh ar Phiara D, gach obair choimhdeach atá bainteach leis agus na
roghanna
rochtana chuig an críochfort paisinéirí atá ann cheana féin
agus a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh orthu, os cionn €100m.
Thug an Rialtas
cead i gcomhair an dara críochfort paisinéirí d'Aerfort Bhaile Átha Cliath an
samhradh seo caite, agus tógfar é ar shuíomh atá in aice leis an gcríochfort
atá ann cheana féin agus
beidh Piara C atá ann cheana féin mar chuid
de. Beidh sé deartha chun suas le 15 milliún
paisinéir a láimhseáil
agus chun freastal ar riachtanais trácht eitlíochta fadréime agus
gearr-réime
agus i gcomhair aistriú phaisinéirí agus bhagáiste idir an dá
mhodh.
Leathnóidh an dara piara satailíte nua, Piara E, amach ar naprún an
aerfoirt ag dronuillinn
ón gcríochfort nua agus soláthróidh sé seastán
tadhaill breise i gcomhair aerárthaí caola agus leathana
de réir mar a
leanann trácht paisinéirí Aerfort Bhaile Átha Cliath ag fás.
Críochnófar an críochfort nua agus Piara E i dtreo deireadh 2009 de réir an
sceidil.
Beidh Ové Arup i gceannas ar an bhfoireann pleanála agus deartha
atá roghnaithe i gcomhair Críochfort 2
agus Piara E. Is comhairleoirí
idirnáisiúnta deartha, innealtóireachta agus pleanála iad Arup a fhostaíonn os
cionn
70,000 ball foirne ar fud an domhain agus tá cuid de na foirgnimh is
cáiliúla sa domhan nua-aoiseach
deartha acu, lena n-áirítear Sydney Opera
House agus Swiss Re Building Londain
. Tá saineolas acu freisin in
innealtóireacht agus dearadh bhonneagar móriompair
agus tá siad ar
cheann de na dearthóirí tosaigh i gcomhair Críochfort 5 ag Heathrow, agus roimh
Cluichí Oilimpeacha 2008, i gcomhair an tríú críochfort nua ag aerfort
idirnáisiúnta Beijing.
Tá na Bainisteoirí Cláir foriomlána ar nua-Fhorbairt
Aerfort Bhaile Átha Cliath,
Turner & Townsend, ina saineolaithe ar
sholáthar córais cuí i gcomhair
monatóireacht agus smachtú cláir
bhonneagair chasta agus i gcomhair anailís
luacha mionsonraithe den chaoi is
fearr sceidealú, comhtháthú agus seachadadh a dhéanamh ar thograí aonair.
Tá
taithí agus saineolas suntasach ag Turner & Townsend san
earnáil
iompair. Ar thograí a raibh siad bainteach leo le déanaí áirítear; pleanáil
chostais iomláin agus smacht ar chlár leathnaithe aerfort
idirnáisiúnta
Sydney agus uasghrádú stáisiún iarnróid Picadilly
i Manchain.
Le
breis eolais a fháil téigh i dteagmháil le: Vincent Wall ag
087.6860727
Críoch
5 Márta, 2006
Secondary Content Navigation: