Top Level Content Navigation:
Borradh faoi bhrabús Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath
ach athbhreithniú ar mhuirir aerfoirt ag teastáil má tá seachadadh iomlán le
déanamh ar riachtanais rialtais agus custaiméirí
Ní bheidh
Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (ÚABÁC) in ann an clár iomlán infheistíochta
atá ag teastáil ó Aerfort Bhaile Átha Cliath agus/nó chun Aerfoirt Bhaile Átha
Cliath, na Sionna agus Chorcaí a fhorbairt mar aerfoirt neamhspleácha muna
ndéanann an Coimisiún um Rialú Eitlíochta (an Coimisiún) athbhreithniú ar a
rialú míshásúil reatha maidir le huastáillí aerfoirt ag Aerfort Bhaile Átha
Cliath, de réir Chathaoirleach an Údaráis, Gary McGann.
Bhí an t-Uasal McGann
ag labhairt ag foilsiú thorthaí bliantúla an Údaráis don bhliain airgeadais seo
caite i mBaile Átha Cliath inné (Dé Luain, 10 Aibreán). D'fhógair an chuideachta
go ndearnadh brabús EUR50m don bhliain dar críoch 31 Nollaig, 2005. Méadú 63% é
seo ar an EUR31.1m de bhrabús a rinneadh i 2004. Tháinig méadú 13% ar
láimhdeachas i 2005 suas go dtí EUR525m.
"De réir shocrú an Choimisiúin ní
íocfaidh paisinéirí in Aerfort Bhaile Átha Cliath ach €6.14 an duine ar an meán
i ndáiríre go ceann ceithre bliana, i gcomparáid le táille reatha de thart ar
€11 atá á híoc ag paisinéirí i bpríomh-aerfoirt na hEorpa. Fágann sé seo
ganntanas mór maoinithe ar Aerfort Bhaile Átha Cliath, agus é seo ag tráth a
bheidh air clár infheistíochta de €1.2 billiún a chur i bhfeidhm laistigh de
dheich mbliana, agus mórchuid na hoibre is costasaí agus is práinní le déanamh
laistigh de cheithre bliana," a chuir sé leis.
"Ag éirí as téarmaí tagartha a
scairshealbhóra agus riachtanais phráinneacha a gcustaiméirí, tá sé beartaithe
ag Bord Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath tús a chur leis an gcéad chuid den
chlár forbartha in ainneoin mhíshástacht na gcúrsaí rialacháin faoi
láthair. Sa chomhthéacs seo, fáiltíonn an chuideachta roimh an gcinneadh a
thóg an Painéal Achomhairc reachtúil le déanaí, gnéithe de chinneadh an
Choimisiúin a sheoladh ar ais, agus leanfar de brú a chur ar an gCoimisiún
athbhreithniú luath a dhéanamh ar ghné na hinfheistíochta caipitil den chinneadh
sin, ar gné ríthábhachtach í."
Dúirt an tUas. McGann go raibh an-chuid ama
agus dua caite i bhforbairt na bpleananna straitéiseacha a theastaíonn faoin
Acht um Aerfoirt Stáit, mar thacaíocht d'aon chinneadh rialtais maidir le
hinmharthanacht tráchtála Aerfort Bhaile Átha Cliath, na Sionna agus Chorcaí mar
aerfoirt neamhspleácha. Ba iad na príomhdhúshláin le tabhairt fúthu sa phróiseas
pleanála gnó ná comhréiteach a aontú le fostaithe Aerfort na Sionna i dtaca le
clár athstruchtúraithe cuimsitheach a chur i bhfeidhm, agus maoiniú cuí a
chinntiú don infheistíocht shuntasach atá déanta in Aerfort na Sionna.
"Níl
ach dul chun cinn mall déanta maidir le scaradh na n-aerfort ó chéile, rud a bhí
mar phríomhaidhm ag an Acht um Aerfoirt Stáit, 2004. Tharla an mhoill seo
de bharr riachtanais dlí na gcuideachtaí a éilíonn gur gá go mbeadh go leor
cúlchistí indáilte mar dhíbhinn ag an Údarás le bheith in ann aerfoirt na Sionna
agus Chorcaí a thabhairt ar láimh do na húdaráis nua, bídís á dtabhairt araon ag
an am céanna nó i ndiaidh a chéile. Níl dóthain cúlchistí indáilte ag
Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath faoi láthair, cé go ndéanfaidh an Bord
iarracht cur lena luach le himeacht aimsire", dúirt sé.
Dúirt Declan
Collier, Príomh-Fheidhmeannach an Údaráis, go mbraitheann na híoschaighdeáin
sheirbhíse a chuirfear ar fáil do chustaiméirí ó thaobh spáis agus
éifeachtúlachta de, ar chostéifeacht agus ar chlisteacht an Údaráis i dtaca le
maoiniú a chlár iomlán infheistíochta aerfoirt. Dúirt sé go raibh an chuideachta
ag cruthú na struchtúr agus na n-acmhainní a cheadódh dóibh dul trí na céimeanna
soláthair, comhairliúcháin agus pleanála ar bhealach éifeachtach .
"Dea-scéal
dár gcustaiméirí é go bhfuil céad chéim an chláir fhorbartha tosaithe anois. Tá
réamhobair tógála tosaithe ar Phiara D, agus táthar ag súil go ndéanfar
seachadadh na saoráide sin, ina mbeidh 14 geata bordála aerárthaigh nua, i
bhfómhar na bliana 2007. Cuirfear isteach iarratas pleanála don dara críochfort
paisinéirí agus don Phiara E a théann leis, sa samhradh, le cinntiú go mbeidh na
saoráidí sin i mbun oibre faoi dheireadh na bliana 2009, mar a éilíonn ceanglas
an Rialtais."
Bhí scéal dearfach le hinsint i rith 2005 ag na hionstraimí
uilig a úsáideann an tÚdarás le brabús a thomhas, lena n-áirítear an TRÚCDA
(tuilleamh roimh ús, cháin, dhímheas agus amúchadh). Ionstraim ríthábhachtach é
an TRÚCDA agus tháinig méadú EUR21 milliún air suas go dtí EUR111
milliún.
"Cuirtear fáilte mhór roimh na treochtaí sin, ach tá an chuideachta
fós i bhfad ar gcúl ó thaobh a dhóthain brabúis a dhéanamh leis an gclár ollmhór
infheistíochta caipitil d'Aerfort Bhaile Átha Cliath a mhaoiniú laistigh de
pharaiméadair riosca airgeadais a bheadh críonna agus tomhaiste go hoibiachtúil.
Tá ár mbrabús go maith faoi bhun an leibhéil a fhaightear i go leor aerfort atá
inchomparáide linne," arsa an tUas. Collier.
Tháinig méadú 12.4% ar líon
iomlán na bpaisinéirí in Aerfoirt Bhaile Átha Cliath, na Sionna agus Chorcaí le
chéile an bhliain seo caite, suas go dtí 24.5 milliún. Seo é an leibhéal fáis is
airde ó 2000. Tháinig méadú 8% ar líon na bpaisinéirí a chuaigh trí
Aerfort Bhaile Átha Cliath don dara bliain as a chéile, suas go dtí 18.5 milliún
paisinéir san iomlán. Bhain Aerfoirt na Sionna agus Chorcaí a bhfigiúrí ab airde
amach freisin ó thaobh líon na bpaisinéirí de. Tháinig méadú 35% ar fhigiúr na
Sionna (3.3 milliún san iomlán) agus 21% ar líon paisinéirí Chorcaí (2.7 milliún
san iomlán).
Bhí bliain iontach eile ag Aer Rianta International (ARI),
fochuideachta de chuid ÚABÁC a bhainistíonn infheistíochtaí aerfoirt agus
gníomhaíochtaí miondíola aerfoirt thar lear. Mhéadaigh an ranníocaíocht brabúis
ó leasanna iomlána ARI go dtí €17.4 milliún i 2005 ó €9.4 milliún an bhliain
roimhe sin.
Tháinig lagtrá suntasach i ngníomhaíochtaí Great Southern Hotels
(GSH) le linn 2005, agus chaill an grúpa EUR4 milliún, méadú EUR1.8 milliún ar
an mbliain roimhe sin. Murach gur chinn Bord ÚABÁC íocaíochtaí úis de luach
EUR1.5 milliún ar iasacht idirchuideachta a tharscaoileadh, bheadh caillteanas
an ghrúpa EUR1.5 milliún ní ba mheasa.
Socraíodh na híocaíochtaí úis a
tharscaoileadh nuair a d'fhógair Bord GSH i mí Feabhra go raibh siad le
sócmhainní óstáin an ghrúpa a dhíol mar ghnóthais leantacha. Tá comhairleoirí
corparáideacha airgeadais agus sealúchais ceaptha don díolachán ó shin, agus tá tús curtha le próiseas cumarsáide le fostaithe GSH a
d'fhan
dílis don chuideachta i dtréimhse an-deacair.
Críoch
10 Aibreán, 2006
Le breis eolais a fháil téigh i dteagmháil le:
Vincent Wall ag 087.6860727
Secondary Content Navigation: