Top Level Content Navigation:
Tá Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (“UAB”), trí
bhíthin na fochuideachta ar leis go hiomlán í, Aer Rianta Idirnáisiúnta c.p.t.
(“ARI”), agus Macquarie Airports Group (“MAG”), a bhfuil leas 24.125% an ceann
acu i Birmingham Airport Holdings Limited (“BAHL”), tar éis a fhógairt go bhfuil
siad tar éis teacht ar chomhaontú coinníollach an chomh-scairsheilbh 48.25% atá
acu i BAHL a dhíol le Airport Group Investments Limited, cuibhreannas a
chuimsíonn Ontario Teachers’ Pension Plan Board agus Victorian Funds Management
Corporation, ar phraghas iomlán £420 milliún. Tá an t-idirbheart faoi réir
coinníollacha áirithe, ina measc socruithe réamhcheannaigh, agus meastar nach
gcuirfear i gcrích é go ceann cúpla mí.
D’fhógair
UAB, a bhí arna chomhairliú ag IBI Corporate Finance, agus MAG an rún a bhí acu
féachaint arbh fhéidir an leas a bhí acu i BIA a dhíol in
éineacht ar 15 Eanáir 2007.
Faisnéis:
Vincent Wall, Stiúrthóir Cumarsáide, UAB
Teil.: 01
8144107
Fón póca: 087-6860727
17 Bealtaine, 2007
Secondary Content Navigation: