Top Level Content Navigation:
Fáiltíonn Údarás Aerfort Bhaile
Átha Cliath (ÚABÁC) roimh chinneadh Roinn Pleanála Chontae Fhine Gall cead a
thabhairt rúidbhealach nua soir-siar, (Rúidbhealach 10L/28R) a thógáil ag
Aerfort Bhaile Átha Cliath.. Tógfar an rúidbhealach nua 1.6 chiliméadar ó
thuaidh den phríomh-rúidbhealach ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus rithfidh sé
comhthreomhar leis.
Tógfaidh Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (ÚABÁC) roinnt
ama chun mionsonraí an chinnidh seo a mheas.
Is cuid riachtanach tógáil an
rúidbhealaigh nua ag Aerfort Bhaile Átha Cliath de phleananna foriomlána
forbartha amach anseo chun a chur ar chumas an Aerfoirt os cionn 30 milliún
paisinéir in aghaidh na bliana a láimhseáil.
De réir an réamhfhaisnéis
tráchta is déanaí ní mór a bheith in ann feidhm a bhaint as an rúidbhealach
comhthreomhar seo laistigh de sé nó de seacht mbliana lena chinntiú go mbeidh
Aerfort Bhaile Átha Cliath in ann gníomhú go héifeachtach agus nach gcuirfear
moill níos faide agus níos faide ar eitiltí ag teacht agus ag imeacht.
Meastar nach n-úsáidfear an rúidbhealach nua seo go dtí go mbeidh an úsáid is mó
agus is féidir á baint as an gcóras rúidbhealaigh atá ann faoi láthair. Tá
Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (ÚABÁC) ag obair i ndlúthpháirtíocht le
hÚdarás Eitlíochta na hÉireann agus leis na haerlínte atá ag feidhmiú ag Aerfort
Bhaile Átha Cliath chun an sprioc seo a bhaint amach.
Tá bealaí gluaiste ar
thalamh agus bonneagar riachtanach eile mar chuid den mholadh.
Beidh dromchla
pábháilte 3,110m ar fhad ag an rúidbhealach comhthreomhar nua agus tabharfar
10L/28R mar ainm air. Glaofar 10R/28L ar an bpríomh-rúidbhealach atá ann faoi
láthair..
Cuirfear an rúidbhealach nua in áit an rúidbhealaigh ghearr 11/29
atá ann faoi láthair agus atá le baint mar chuid den obair thógála.
Tá an moladh seo maidir le rúidbhealach
nua i bPlean Forbartha Chontae Fhine Gall, faoi mar a thugtar air anois, ó 1972
i leith.
Tá trí rúidbhealach ag Aerfort Bhaile Átha Cliath faoi
láthair:
Rúidbhealach 10/28: tá an príomhrúidbhealach seo 2,637 méadar ar
fhad agus is é sin an ceann is nuaí agus is faide ag Aerfort Bhaile Átha
Cliath. Bíonn an rúidbhealach seo in úsáid 90% den am.
Rúidbhealach
16/34: baintear leas as an rúidbhealach seo go príomha nuair a bhíonn
crosghaoithe ag séideadh agus nuair is gá obair chothabhála a dhéanamh ar an
bpríomh-rúidbhealach, 10/28. Tá an rúidbhealach seo 2,072 méadar ar
fhad
.
Rúidbhealach 11/29: is é seo an rúidbhealach is giorra ag Aerfort
Bhaile Átha Cliath agus úsáidtear é faoi láthair le haghaidh aerárthaí den
chineál AB nó aerárthaí éadroma lián.
Secondary Content Navigation: