Top Level Content Navigation:
Tá an dréachtchinneadh a d’fhoilsigh an Coimisiún um
Rialú Eitlíochta (“an Coimisiún”) ar maidin thar a bheith casta agus is athrú
bunúsach é ar thaobh an Choimisiúin maidir leis an gcaoi a gcúiteofar mar ba
chuí le UAB aon infheistíocht a dhéanfaidh sé in infreastruchtúr nua aerfoirt.
Mar sin, caithfidh UAB an t-am is gá le hathbhreithniú iomlán a dhéanamh
ar an gcinneadh agus iarrfaidh sé ar an gCoimisiún a mhíniú cé mar a rachaidh na
meicníochtaí nua maoinithe atá sé a mholadh i bhfeidhm ar sholáthar na saoráidí
nua a theastaíonn chomh géar sin in Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Mar
fhreagairt tosaigh, tá díomá ar UAB nár cheadaigh an Coimisiún an méadú
measartha ar na táillí aerfoirt a chuirfeadh an tsoiléireacht iomlán maoinithe
ar fáil a theastaíonn le go rachfar chun cinn leis an gclár tógála in Aerfort
Bhaile Átha Cliath chomh luath agus a bheidh an gnáthamh achomharc pleanála
curtha i gcrích.
Cuireann UAB fáilte roimh bhreith an Choimisiúin go
bhfuil bunáite mhór chlár garthéarmach infheistíochta €1.2bn an chomhlachta
riachtanach agus réasúnta maidir leis an bpraghas. Ach tá sé in amhras gur
cheart an infheistíocht seo a chúiteamh trí bhíthin méadaithe a bheadh níos mó
agus nach bhféadfaí a chur i bhfeidhm ar na húsáideoirí ach ó 2009 amach,
seachas méadú réidh céimnithe a chuirfí i bhfeidhm de réir a chéile i mbliana
féin, ar soiléire dar leis an réiteach é.
Caithfidh UAB suimeanna móra
caipitil a fháil ar iasacht leis an dara aerstáisiún in Aerfort Bhaile Átha
Cliath, agus saoráidí paisinéirí agus aerpháirce eile, a mhaoiniú. Rachaidh sé i
mbun comhráite leis an gCoimisiún anois d’fhonn a dhéanamh soiléir cé mar is
féidir a dheimhniú don chomhlacht agus d’ábhair iasachtóirí go gcuirfear i
bhfeidhm an méadú atá tar éis a churtha siar agus go gcúiteoidh sé an
infheistíocht a dhéanfaidh siad leo mar ba chuí.
Secondary Content Navigation: