Media Centre

Pleananna teagmhasacha á ndéanamh ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus iad ag súil le sárshéasúr taistil samhraidh


Beidh séasúr an tSamhraidh seo ar an cheann is gnóthaí ariamh ag Aerfort Bhaile Átha Cliath le níos mó ná 15 milliún paisinéir ag taisteal idir mí Aibreáin agus mí Dheireadh Fómhair, ardú 21% thar Samhradh ’05.   Táthar ag súil, den chéad uair riamh, go mbeidh 2 milliún paisinéir ag taisteal trí Aerfort Bhaile Átha Cliath i rith mhí Iúil agus mhí Lúnasa araon.
Cuirfidh Aerfort Bhaile Átha Cliath áit shealadach feithimh do phaisinéirí ar fáil chun críche teagmhasachta le freastal ar an méadú mór atá tagtha ar líon na bpaisinéirí.   Cuirfear an struchtúr ar stíl ollphubaill, a úsáideadh ar an mbealach céanna in aerfoirt eile ghnóthacha idirnáisiúnta, i bhfeidhm má tharlaíonn aon eachtra gan choinne i rith an bhuaicshéasúir ghnóthaigh.  Is féidir le roinnt fachtóirí éagsúla cur isteach ar sceidil aerlínte i rith thréimhse an tSamhraidh, lena n-áirítear, gan fáil a bheith ar aerárthaí nó criúnna cairte, moilleanna ag aerfoirt eile nó le rialáil tráchta aeir, nó coinníollacha fíordhona aimsire, cosúil leis na coinníollacha a chonacthas in Florida agus i Murascaill Mheicsiceo anuraidh.
Aithníodh an limistéar dín, Bloc A den charrchlós ilstóir mar an suíomh is oiriúnaí don struchtúr seo ar stíl ollphubaill, agus rochtain éasca á chur ar fáil ar an mbealach sin ar an bhfoirgneamh críochfoirt.
Dúirt Robert Hilliard, Stiúrthóir Aerfort Bhaile Átha Cliath agus é ag labhairt inniu ag mionchruinniú, "Is gnímh críonna é d'Aerfort Bhaile Átha Cliath breisphleananna teagmhasacha a chur san áireamh le héascaíocht a dhéanamh d'eachtraí gan choinne a d'fhéadfadh a tharlú i rith an bhuaicshéasúir ghnóthaigh.  Roimhe seo, bhí dóthain acmhainne críochfoirt ag an Aerfort le freastal ar aon chur isteach ar sceidil aerlínte. Tugann an méadú ollmhór ar thrácht paisinéirí le fios, áfach, gur chosúil go n-eascródh breisphlódú laistigh den fhoirgneamh críochfoirt as aon chur isteach mór ar sceidil aerlínte toisc nach mbeidh aon bhreisacmhainn chríochfoirt ar fáil an samhradh seo" a mhaígh an tUas. Hilliard.
Dúirt an tUas. Hilliard chomh maith, go bhfuil pleananna mionsonraithe curtha le chéile ag fostaithe agus oibritheoirí aerlíne Aerfort Bhaile Átha Cliath don dúshlán maidir le freastal a dhéanamh ar an méadú ollmhór a thiocfaidh ar líon na bpaisinéirí i rith shéasúr an tsamhraidh seo in ainneoin nach mbeidh méadú ar bith san acmhainn.
       
Léiríonn 34 breisbhealach/breis-seirbhís nua chomh maith le hacmhainn agus minicíocht mhéadaithe aerárthaigh go bhféadfadh méadú 2 milliún paisinéir sa bhreis teacht ar fhigiúirí paisinéirí ag deireadh na bliana. Léiríonn sé sin géarú sa mhéadú láidir atá tagtha ar Aerfort Bhaile Átha Cliath le blianta beaga anuas agus trácht paisinéirí ann méadaithe ó 13.8 milliún in 2000 go dtí 18.4 milliún in 2005. 
Tá roinnt tionscnamh Shamhradh ar bun cheana le cúnamh a thabhairt chun plódú san fhoirgneamh críochfoirt a fhuascailt, lena n-áirítear athlonnú roinnt saoráidí do phaisinéirí ar Urlár na nImeachtaí.  Beidh 35 fostaí um chúram custaiméirí ar dualgas an t-am ar fad ag Aerfort Bhaile Átha Cliath arís san fhoirgneamh críochfoirt i rith an tSamhraidh chun cúnamh a thabhairt do phaisinéirí ar a dturas.

Críoch
26 Aibreán 2006