Media Centre

Feabhas ar an mbrabús ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath agus an dara aerstáisiún á bheartú in Aerfort Bhaile Átha Cliath, faoi réir an chinnidh phleanála

Tá Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (UAB) lánullamh an dara Aerstáisiún Paisinéirí (T2) a thógáil, mar aon lena chuid saoráidí, chomh luath agus a thugann na húdaráis phleanála cead, de réir Chathaoirleach UAB, Gary McGann.
Dúirt sé freisin, áfach, nach bhféadfadh UAB an t-aerstáisiún a bheith faoi shiúl aige roimh dheireadh 2009, mar ba mhaith leis an Rialtas, mura bhfógródh an Bord Pleanála a chinneadh i dtaobh na n-achomharc pleanála a bhain le T2 taobh istigh de chúpla seachtain.
 
Bhí an tUas McGann ag caint agus torthaí na bliana 2006 á bhfoilsiú i mBaile Átha Cliath inniu (Dé Luain, 18 Meitheamh). D’fhógair an comhlacht brabús €69.5m ar a chuid gníomhaíochtaí coitianta trádála don bhliain dar deireadh 31 Nollaig, 2006, méadú 39% ar bhrabús €50m na bliana roimhe sin ar ghníomaíochtaí den sórt céanna.

B’ionann agus €166m brabús na bliana tar éis míreanna eisceachtúla a chur san áireamh. Is iad na míreanna eisceachtúla a bhí i gceist, arbh ionann agus €96.5m a nglanluach iomlán, an brabús iarchánach €125m a rinneadh ar dhíol Ghrúpa Mhór-Óstáin an Deiscirt (GSH - Great Southern Hotels) agus ar dhíol scairsheilbh 3% an chomhlachta in Aerfort Hamburg (€3m), lúide costas iarchánach an phlean athchóirithe ar Aerfort na Sionainne (€31.5m).

“Tá gach ar féidir déanta againn le go mbeimid i riocht an clár “Athrú Cló ar Aerfort Bhaile Átha Cliath” a chur i gcrích agus riachtanais bheartas an Rialtais a shásamh ina leith seo chomh luath agus is féidir,” arsan tUas McCann.
“Dhá bhliain go díreach tar éis don Rialtas a Phlean Gníomhaíochta Eitlíochta a fhoilsiú, tá 70% den chlár infheistíochta chéad-chéime €1.2 billiún ag an aerfort á thógáil nó á phleanáil. Osclófar an chéad phríomheilimint den chlár, Piara D, de réir sprice i bhfómhar na bliana seo.

Dhá bhliain atá leagtha síos do thógáil an aerstáisiúin nua agus sceideal coimisiúnaithe cúig mhí ina dhiaidh, rud atá thar a bheith docht cuma cén caighdeán atá ag duine. Mar sin, caithfidh cúrsaí pleanála a bheith soiléir roimh dheireadh Meithimh le gur féidir tosú ar ghníomhaíochtaí tógála faoi lár mhí Iúil agus saoráid chríochnaithe a chur ar fáil roimh dheireadh 2009,” a dúirt an tUas McGann said.

“Is maith a thuigeann UAB go bhfuil ualach oibre an Bhoird Phleanála thar a bheith trom agus is mór a mheas ar an gcaoi cháiréiseach a phléigh sé le hachomharc an T2 go dtí seo. Ach bhí an comhlacht ag súil le toradh ar an bpróiseas achomhairc taobh istigh de thréimhse sé nó ocht mí ó fuarthas an cead pleanála mí Dheireadh Fómhair seo caite. Táimid ag súil, i bhfianaise an iliomad tasc atá ag an mBord Pleanála, go mbeidh sé i riocht tús áite a thabhairt dá bhreithniúchán ar T2 – mar gheall ar an tábhacht straitéiseach atá ag Aerfort Bhaile Átha Cliath do na milliúin paisinéir agus don eacnamaíocht go ginearálta.”

Dúirt an tUas Mc Gann go raibh UAB i ndáil chomhairle leis an gCoimisiún um Rialáil Eitlíochta (an Coimisiún) maidir le mionmholtaí an Choimisiúin sa Dréachtchinneadh Eatramhach a rinne sé le déanaí faoi na táillí aerfoirt is mó is féidir a ghearradh in Aerfort Bhaile Átha Cliath.

“Tá gá le soiléireacht i dtaobh maoinithe ar thaobh an Choimisiúin le gur féidir an tionscadal a mhaoiniú mar is fearr is féidir. De bharr an chomhairliúcháin a rinneadh le déanaí, áfach, is mó an tsúil atá ag Bord UAB anois go gceadóidh an Coimisiún méadú oiriúnach ar na táillí aerfoirt in Aerfort Bhaile Átha Cliath i rith an chláir Cló Nua ar Aerfort Bhaile Átha Cliath leis an infheistíocht a rinne an comhlacht a chúiteamh leis mar ba chóir.”

Mhéadaigh líon iomlán na bpaisinéirí in Aerfoirt Bhaile Átha Cliath, na Sionainne agus Chorcaí 14% anuraidh, go dtí 27.8m. Ba é an céatadán ardaithe ba mhó é le geall le 20 bliain, agus ba mhéadú é ar bhonn a bhí i bhfad níos airde. Bhí méadú 2.7m ar líon na bpaisinéirí in Aerfort Bhaile Átha Cliath, go dtí 21.2m, an leibhéal fáis ba mhó in aon aerfort mór ar fud an domhain. Bhí buaiclíonta paisinéirí sa tSionainn agus i gCorcaigh freisin, méadú beagán níos mó ná 10%, go dtí 3.6m and 3m faoi seach.

Mar gheall ar thréchur na bpaisinéirí a bheith níos airde, bhí an rath ar eochairthomhais na brabúsachta i rith 2006, ina measc seo an EBITDA Grúpa (“earnings before interest, taxation, depreciation and amortisation” – tuilleamh roimh ús, cháin, dhímheas agus amúchadh), ar tháinig méadú €34m air, go dtí €145m.

Dúirt Príomhfheidhmeannach UAB, Declan Collier, gur chuir an comhlacht le staid a chuid airgeadais de bharr na bainisteoireachta stuama a rinne sé ar na costais, de bharr an rath a bheith i gcónaí ar a chuid gníomhaíochtaí tráchtála sa bhaile agus i gcéin, de bharr mar ar éirigh leis an grúpa óstán GSH, lena raibh sé ag cailleadh airgid, a dhíol go rafar, agus mar gheall air gur dhíol sé cuid dá chuid sócmhainní aerfoirt thar lear. Ach dúirt sé freisin nár mhór fás eile a theacht ar ghnáthghníomhaíochtaí trádála an chomhlachta le go bhféadfadh sé an dúshlán airgeadais a bhí roimhe a thabhairt.

“Tháinig laghdú mór ar leibhéil fhiachais an Ghrúpa faoi dheireadh na bliana seo caite, go dtí €136m, mar gheall ar fháltais dhíol an GSH. Tiocfaidh athrú ó bhun go barr go luath ar an staid iasachtaíochta seo. De réir mar a chuirtear an clár Cló Nua ar Aerfort Bhaile Átha Cliath i bhfeidhm, táthar ag ceapadh go méadóidh fiachas glan an Ghrúpa suas go breis agus €1bn i rith na gcúig bliana seo chugainn.

“Le go bhféadfaidh UAB an leibhéal fiachais seo a mhaoiniú de réir pairiméadar tomhaiste stuama maidir leis an riosca airgeadais, níor mhór go dtiocfadh fás suntasach ar an EBITDA Grúpa i rith na tréimhse céanna,” a dúirt sé.
Chaith Aer Rianta Idirnáisiúnta (ARI), fochuideachta úd an UAB a riarann infheistíochtaí aerfoirt agus gníomhaíochtaí miondíoltóireachta thar lear, bliain rafar eile i 2006. Tháinig méadú 12%, go dtí €19.5m, ar bhrabús ARI ar a chuid leasanna iomlána, lena n-áirítear an brabús eisceachtúil ar dhíol na scaireanna a bhí aige in Aerfort Hamburg.

D’fhógair ARI agus a chomhpháirtí cothrom comhfhiontair, Macquarie Airports Group, go raibh siad tar éis teacht ar chomhaontú coinníollach an chomh-scairsheilbh 48% a bhí acu i Birmingham International Airport sa Ríocht Aontaithe a dhíol ar stg£420m le cuibhreannas a chuimsigh infheistitheoirí institiúide as Ceanada agus an Astráil. Ní dócha go gcomhlíonfar an comhaontú, atá faoi réir ag roinnt socruithe casta conartha agus réamhcheannaigh, mórán roimh dheireadh na bliana.

Maidir le príomhriachtanas polasaí eile an Rialtais i dtaca le haerfoirt, dhearbhaigh an tUas Collier arís gur fhoráil an tAcht um Aerfoirt an Stáit, má bhí Aerfoirt Bhaile Átha Cliath, na Sionainne agus Chorcaí le dealú óna chéile, nár mhór pleananna gnó aerfoirt a chríochnú ar chaoi is go mbeadh an Rialtas sásta go raibh gach ceann díobh inmharthana mar chomhlacht tráchtála neamspleách amach anseo.

Dúirt sé gubh éard a bhí sa chomhaontú athchóirithe in Aerfort na Sionainne, ar tháinig 185 iomarcaíocht dheonach dá bharr mar aon le athruithe suntasacha ar na socruithe oibre do na fostaithe a d’fhan, an chéad chéim dhearfach i dtreo inmharthanacht airgeadais na Sionainne.

18 Meitheamh, 2007
Faisnéis ó:
Vincent Wall: (01) 8144107 (087) 6860727
Paul O’ Kane: (01) 8141897 (086) 6090221