Media Centre

Feachtas Foirmiúil Margaíochta d'Óstáin GSH le Seoladh i Lár Mhí na Bealtaine


D'fhógair Bord GSH go seolfar feachtas cuimsitheach margaíochta i lár mhí na Bealtaine mar thacaíocht do chinneadh an Great Southern Hotels Group (GSH) chun a ocht óstán a dhíol ar bhonn gnóthais leantaigh
Cé gur tugadh an-spreagadh don Bhord mar thoradh ar leibhéal na suime a léiríodh go neamhfhoirmiúil sna hóstáin go dtí seo, beidh sí mar aidhm ag an bhfeachtas margaíochta a mhéad is féidir aighneachtaí foirmiúla um léiriú spéise a mhealladh ó mhargaí na hÉireann agus thar lear araon. 
Reachtófar an próiseas díolacháin trí thairiscint iomaíoch agus tá sé beartaithe an próiseas díolacháin ina iomláine a thabhairt chun críche faoin bhFómhar in 2006. Tá fostaithe GSH agus a n-ionadaithe ceardchumainn á gcoimeád ar an eolas maidir le pleananna na cuideachta. 
Cuireann BDO Simpson Xavier, Airgeadas Corparáideach agus an gnólacht gníomhaireachta eastáit tráchtála, CBRE comhairle ar Bhord GSH faoin bpróiseas díolacháin.
 
Le breiseolas a fháil téigh i dteagmháil le:
Vincent Wall   (087) 6860727