Media Centre

Achomharc céadpáirtí déanta ag Aerfort Bhaile Átha Cliath maidir le coinníollacha a bhaineann le tógáil rúidbhealaigh nua

Tá Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (ÚABÁC) tar éis achomharc céad pháirtí a dhéanamh maidir le roinnt coinníollacha a bhaineann le cead pleanála a thug Comhairle Contae Fhine Gall chun rúidbhealach nua a thógáil ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. 
Ar an iomlán, bhain 39 coinníoll le ceadú Roinn Pleanála Chomhairle Contae Fhine Gall don chead pleanála.
Cé gur chuir ÚABÁC fáilte roimh an gcinneadh foriomlán le cead a thabhairt d'fhorbairt rúidbhealaigh nua, bheartaigh sé achomharc a dhéanamh chun dúbailt roinnt coinníollacha a sheachaint agus chun soiléiriú a lorg i ndáil le coinníollacha eile.
Thug Comhairle Contae Fhine Gall cead an 12 Aibreán seo caite rúidbhealach nua thoir-thiar a thógáil, a bheidh 1.6 ciliméadar ó thuaidh agus comhthreomhar leis an bpríomh-rúidbhealach reatha ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Is cuid riachtanach tógáil an rúidbhealaigh nua ag Aerfort Bhaile Átha Cliath de phleananna foriomlána forbartha amach anseo chun a chur ar chumas an Aerfoirt os cionn 30 milliún paisinéir in aghaidh na bliana a láimhseáil.
Bheartaigh ÚABÁC gan an rúidbhealach nua a chur i bhfeidhm go dtí go bhfuil siad tar éis an úsáid is mó is féidir a bhaint as an líonra rúidbhealaigh reatha. B'fhéidir go mbeidh gá leis an rúidbhealach nua a chur i bhfeidhm faoin mbliain 2012 i bhfianaise phleananna reatha gnó na n-aerlínte móra atá bunaithe ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Críoch
10 Bealtaine 2006