Top Level Content Navigation:
Cuirfear tús le feachtas
cuimsitheach margaíochta maidir le díolachán na Great Southern Hotels
(GSH)
Dé Céadaoin, 17 Bealtaine 2006 le fógraí sna
míreanna maoine de na meáin
náisiúnta agus an preas idirnáisiúnta ina dhiaidh.
Tagann sé seo tar éis
cinneadh a ghlac bord na GSH i mí Feabhra ocht óstán a dhíol
ar bonn gnóthais
leantaigh.
Cuireann an próiseas díolacháin, a dhéanfar trí thairiscint
phoiblí, na hóstáin ar fáil
mar luchtóg amháin, de réir luchtóga aonair nó de
réir comhluchtóga
difriúla. Is é an spriocdháta chun tairiscintí a
fháil ná 12 meán lae, Dé hAoine, 23 Meitheamh
2006.
Osclófar agus
déanfar measúnú thar tréimhse roinnt seachtainí ar na tairiscintí a fhaightear
roimh an spriocdháta
leis an aidhm teacht ar thairgeoir nó ar thairgeoirí
roghnaithe.
Meastar go dtiocfaidh an próiseas chun críche ag deireadh Lúnasa
nó tús
Mheán Fómhair.
Ón uair a tógadh an cinneadh na hóstáin a dhíol,
chuaigh an chuideachta agus a
comhairleoirí i mbun plé iomlán le fostaithe
agus a n-ionadaithe.
Leanfaidh an próiseas plé seo ar aghaidh le dul i ngleic
le ceisteanna ar bith atá ag fostaithe
de bharr an díolachán.
Tá
bord na GSH sásta leis an suim neamhfhoirmiúil atá léirithe sna
hóstáin go
dtí seo, de réir gníomhairí do na maoin,
CBRE. Tá muinín ag an mbord go
spreagfaidh an feachtas margaíochta atá molta
níos mó suime fós, sna margaí
Éireannacha agus thar lear araon.
Tá na hocht óstán atá le díol suite ag
Aerfoirt na Sionna, Corcaí agus Baile Átha Cliath,
ag Páirc na Saileach agus
Cill Airne i gContae Chiarraí, san Fhaiche Mhór agus Bóthair
Bhaile Átha
Cliath (Óstán na Coiribe) i nGaillimh, agus ag Calafort Ros Láir, Contae Loch
Garman.
Is é BDO Simpson Xavier, Airgeadas Corparáideach an
príomhchomhairleoir do bhord na GSH
maidir le díol na n-óstán.
CRÍOCH
Great Southern Hotels
16 Bealtaine 2006
Mar
thagairt:
Conor Dempsey: 086-247 9892/ 01-634 2508/ conor.dempsey@scomms.ie
Padraig
Slattery: 086-255 0009/ 01-634 2518/ padraig.slattery@scomms.ie
Slattery
Communications
Do cheisteanna a bhaineann le maoin téigh i dteagmháil le CBRE le do
thoil:
Baile Átha Cliath
Dermot Curtin (01-618 5540/ Dermot.curtin@cbre.com) Paul Collins
(01-618
5540/ paul.collins@cbre.com) Londain Dominic
Murray (+44-20 7643 3954/
dominic.murray@cbrehotels.com)
Secondary Content Navigation: