Media Centre

Geataí Bordála Sealadacha á dTástáil ag Aerfort Bhaile Átha Cliath

Beifear ag tástáil áiseanna na nGeataí Bordála Sealadacha de chuid Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (ÚABÁC) inniu, an Mháirt 30 Bealtaine, le ceithre eitilt ag imeacht ar bhonn trialach.
Aistríodh an áis chuig ÚABÁC oíche Dé Domhnaigh agus rinneadh tástáil oibriúcháin dhian uirthi sular osclaíodh í don phobal inniu. Cuirfidh an tolglann nua €5m ocht ngeata bordála/seastán teagmhála breise ar fáil agus beidh sé d'acmhainn aici suas go 1,086 paisinéir ag imeacht a láimhseáil in aghaidh na huaire.
Tá an tolglann, a tógadh in am agus laistigh den bhuiséad, comhdhéanta as 170 aonad modhúlacha ar stíl Portacabin. Tógadh iad lasmuigh den láthair agus cuireadh i dtoll a chéile iad, agus feistíodh iad i rith tréimhse 10 seachtaine ar an naprún gar do Fhoirgneamh an tSeanchríochfoirt Láir.
Trealmhaíodh na Geataí Bordála Sealadacha le suíocháin fhéinghlantacha nua-aimseartha, beidh áiseanna leithris ann agus tá pleananna idir lámha sainlimistéar lónadóireachta a chur ar fáil.    Tabharfar Geata A64, A65, A66, A67, A68, A69, A70 agus A71 ar na hocht ngeata bordála nua.
Dúirt Robert Hilliard, stiúrthóir Aerfort Bhaile Átha Cliath, agus é ag trácht ar an áis nua "Is buaicphointe é seo d'Aerfort Bhaile Átha Cliath, agus beidh paisinéirí in ann anois torthaí ár gcláir leanúnaigh d'fhorbairt an Aerfoirt a fheiceáil.   Beidh an áis seo in úsáid ar feadh thar ar 18 mhí agus Piara D á thógáil díreach taobh thiar de na Geataí Bordála Sealadacha.”
Thug an tUasal Hilliard aitheantas chomh maith do na hailtirí D5, na bainisteoirí tógála Faithful + Gould, don phríomhchonraitheoir Bowen Construction, don McAvoy Group a sholáthair na foirgnimh mhodúlacha, do na hinnealtóirí leictreacha Mercury Engineering, na hinnealtóirí meicniúla Lynskey chomh maith le gach duine eile a d'oibrigh ar an tionscadal.
Is iad na heitiltí a n-imeoidh ó na Geataí Bordála Sealadacha inniu ná:
Eitiltí Ryanair  FR 226 go Stansted ag 12.55
FR 602 go Durham Tees ag 13.30
FR 216 go Stansted ag 13.45

Móide

Eitilt Aer Árann RE 625 go Corcaigh ag 16.30
Beidh na Geataí Bordála Sealadacha i bhfeidhm ó amárach, Dé Céadaoin 31 Bealtaine.

Críoch
30 Bealtaine, 2006
I gcomhair tuilleadh eolais téigh i dteagmháil le: Siobhán Moore - 087.2710065