Top Level Content Navigation:
Achomhairc faoina bráid níos túisce i mbliana le
hathbhreithniú a cheadú.
Ina áit, cheadaigh an rialaitheoir méadú 20c i
muirir phaisinéirí d'Aerfort Bhaile Átha Cliath go dtí uastáille de €6.34 ar an
meán in aghaidh an phaisinéara don tréimhse ceithre bliana 2006-09. Bhí ÚABÁC ag
lorg táille de €7.50 in aghaidh an phaisinéara ar a laghad mar mhaoiniú ar an
gClár Infheistíochta Caipitil de €1.2bn atá ag teastáil chun na háiseanna ag
Aerfort Bhaile Átha Cliath a uasghrádú.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás
Aerfort Bhaile Átha Cliath Declan Collier gur chúis mhór díomá a bhí i gcinneadh
an rialaitheora i gcomhthéacs an chláir mhóir caipitil atá ag teastáil ag
Aerfort Bhaile Átha Cliath.
“Cé go bhfáiltímid roimh aon ardú sna muirir
phaisinéirí, tá sé an-díomách gur roghnaigh an rialaitheoir neamhaird a
thabhairt ar go leor de mholtaí an Phainéal Achomhairc,” a dúirt Collier. “Arís
eile beidh ar an bpobal atá ag taisteal cur suas le torthaí cinneadh an
rialaitheora nach gcuireann a ndóthain maoiniú ar fáil chun infheistíocht
riachtanach chaipitil a dhéanamh a feabhsóidh taithí na bpaisinéirí go mór ag
Aerfort Bhaile Átha Cliath,” a chuir sé leis. “Caithfear íoc as aon
infheistíocht a dhéantar agus is é an príomhbhealach chun íoc as ná le muirear
aerfoirt.”
Tá an fás i líon na bpaisinéirí ag leanúint ar aghaidh ag Aerfort
Bhaile Átha Cliath agus beidh níos mó ná 20 milliún ann i mbliana agus caithfidh
ÚABÁC a bheith in ann na hacmhainní breise atá ag teastáil ó chustaiméirí na
n-aerlínte agus ón bpobal atá ag taisteal a chur ar fáil, dar le
Collier.
“D'ordaigh an rialtas d'ÚABÁC an dara Críochfort a thógáil ag
Aerfort Bhaile Átha Cliath. Aontaíonn na paisinéirí go bhfuil gá ann leis na
háiseanna a fheabhsú agus a mhéadú agus dúirt siad linn go bhfuil siad sásta
níos mó a íoc i gcomhair na feabhsúcháin seo. Aontaíonn tionscadal na
turasóireachta agus an pobal gnó freisin go bhfuil géarghá le hacmhainní breise
ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. Is cúis aiféala mar sin gur roghnaigh an
Rialaitheoir gan an méadú iomlán sna muirir a mhol an Painéal Achomhairc d'ÚABÁC
a cheadú.
D'iarr Collier ar an Rialaitheoir freisin athbhreithniú tapa a
dhéanamh ar Chlár Infheistíochta Caipitil d'Aerfort Bhaile Átha Cliath de chuid
ÚABÁC chun cabhrú le háiseanna breise a theastaíonn go mór a chuir ar
fáil.
Déanaigí teagmháil leo seo a leanas i gcomhair a thuilleadh
eolais:
Paul O’Kane
Oifig Phreas ÚABÁC
01 8141897, 086 6090221
Nóta d'eagarthóirí:
D'iarr ÚABÁC méadú i muirir phaisinéirí go dtí
€7.50 in aghaidh an phaisinéara san fhómhar a chuaigh thart chun freastal ar
chostais an phlean forbartha caipitil €1.2bn d'Aerfort Bhaile Átha Cliath. Ba é
cinneadh an Rialaitheora (29 Meán Fómhair 05) ná uastáille de €6.14 ar an meán
in aghaidh an phaisinéara don tréimhse ceithre bliana 2006-2009.
Ní raibh
ÚABÁC sásta leis an toradh seo agus iarradh athbhreithniú neamhspleách. Chuir
cinneadh an Phainéal Achomhairc (4 Aibreán 06) gnéithe áirithe den Cinneadh ar
ais faoi bhráid an rialaitheora chun athbhreithniú a dhéanamh – dá nglacfaí leo
bheadh méadú 51c san uastáille reatha mar thoradh air. Tá 20c den mhéadú 51c
ceadaithe ag an Rialaitheoir d'ÚABÁC anois (22 Meitheamh).
Ba é an méadú
chuig muirear de €6.00 in aghaidh an phaisinéara ar an meán a cheadaigh an
Rialaitheoir i mí Mheán Fómhair seo caite an chéad méadú sna muirir phaisinéirí
ag Aerfort Bhaile Átha Cliath ó 1987.
Críoch
Secondary Content Navigation: