Top Level Content Navigation:
Tá an foirgneamh nua €120m
Piara D ag ardú anois thar na ballaí clár ag Aerfort Bhaile Átha
Cliath.
Beidh 14 gheata/seastán nua sa phiara nua, atá le bheith críochnaithe
san fhómhar, agus beidh sé in ann thart ar 10 milliún paisinéir in aghaidh na
bliana a láimhseáil. Tá an céad cheann den 13 chroílár a bhéas san fhoirgneamh
nua, ina mbeidh staighrí, ardaitheoirí agus gaothairí don phiara dhá stór, le
feiceáil anois os cionn na ballaí clár tógála ag an taobh ó thuaidh den
aerpháirc.
Beidh gach ceann den 13 chroílár atá mar chnámh droma den
fhoirgneamh nua sé mhéadar ar airde agus beidh siad le feiceáil go soiléir ar an
spéirlíne ag Aerfort Bhaile Átha Cliath le linn tús céim na tógála.
Tá Piara
D mar chuid den phlean €1.2bn de chuid Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (ÚABÁC)
chun áiseanna a uasghrádú ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. Cuirfidh an plean, a
bhfuil an dara críochfort agus rúidbhealach nua comhthreomhar mar chuid
de, ar chumas an aerfoirt breis agus 30 milliún paisinéir in aghaidh na bliana a
láimhseáil.
Beidh 12 gheata bordála ag freastal ar 14 aerárthaí san
fhoirgneamh nua 14,000 méadar cearnach, chomh maith le siopaí agus caiféanna
nua. Tá sé á tógáil ar an taobh thuaidh d'ollionad an aerfoirt agus déanfar é a
cheangal leis na háiseanna reatha le siúlbhealach ardaithe nua-aimseartha. Tá an
siúlbhealach á tógáil mar gheall go bhfuil Foirgneamh an tSeanchríochfoirt ag
Aerfort Bhaile Átha Cliath mar struchtúr liostaithe agus bheadh ceisteanna móra
pleanála agus moill le hoscailt an Phiara D dá ndéanfaí athruithe sa leagan
amach inmheánach atá aige.
Agus é mar chuar timpeall ar Fhoirgneamh an
tSeanchríochfoirt tabharfaidh an siúlbhealach ardaithe nua radharc iontach ar
cheann de na foirgnimh is tábhachtaí roimh aimsir an chogaidh in Éirinn do
phaisinéirí atá ag teacht agus ag imeacht.
Dhear Desmond FitzGerald,
deartháir le Garret FitzGerald, an chéad fhoirgneamh críochfoirt ag Aerfort
Bhaile Átha Cliath déanach sna 1930í agus bhuaigh sé bonn óir don ailtireacht.
Tá an cuar atá ag an siúlbhealach nua mar scáthán ar Fhoirgneamh an
tSeanchríochfoirt Láir, chuirfeadh línéar farraige móire i gcuimhne duit é
féin.
Tá an Piara nua á tógáil ar an naprún, an limistéar pábháilte
coincréite in aice leis na háiseanna reatha do phaisinéirí ag an aerfort. Sular
thosaigh an tógáil i gceart, rinne meaisín speisialta ar a dtugtar Rubblizer
smidiríní den naprún coincréite, áit a dtógfar an Piara nua.
Is measiín mór a
bhfuil cuma tarracóir air é an Rubblizer, le hoird mhóra hiodrálacha aige chun
tosaigh agus ar na taobhanna. Briseann sé suas an choincréit sa
bhealach gur féidir an chuid is mó den screallach a fhágtar a úsáid mar
bhunsraith don fhoirgneamh nua. Trí úsáid a bhaint as an Rubblizer, píosa
trealaimh nach n-úsáidtear ach go hannamh in Éirinn, bhí na conraitheoirí in ann
an dramhaíl a bhí le baint ó shuíomh an Piara D a laghdú go suntasach.
Laghdaíonn sé seo an líon leoraithe atá ag teacht isteach agus amach as Aerfort
Bhaile Átha Cliath freisin go suntasach freisin.
Críoch
Nóta ón Eagarthóir: Tá imprisean ealaíontóra de Phiara D nó Grianghraif Thógála le
fáil ach iad a iarradh
Déanaigí teagmháil leo seo a leanas i gcomhair a thuilleadh
eolais:
Paul O'Kane
Bainisteoir Cumarsáide
Clár Forbartha an
Aerfoirt
Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath
Teil 353 (01) 8141897, Fón Póca
353 (0) 86 6090221
Secondary Content Navigation: