Top Level Content Navigation:
2 Milliún Paisinéir i mí an Mheitheamh
Tháinig beagnach 10 milliún paisinéir trí Aerfort Bhaile Átha Cliath i rith
na chéad sé mhí den bhliain, ardú 15% i gcomparáid leis an tréimhse céanna
anuraidh, de réir na bhfigiúirí a d’eisigh Údarás Aerfort Bhaile Átha
Cliath.
Is ionann an t-ardú seo agus 1.3 milliún paisinéir sa bhreis a
thaistil tríd an aerfort i rith na sé mhí sin.
Bhí suntas ar
leith le mi Meitheamh in Aerfort Bhaile Átha Cliath nuair a rinneadh freastal ar
os cionn dhá mhilliún paisinéir in aon mhí amháin. Táthar ag tuar go
leanfaidh mar sin i rith na míonna Iúil, Lúnasa agus Meán Fómhair.
Ba
sa trácht idir Éire agus an Eoraip a tháinig an borradh ba mhó le linn na
tréimhse, ardú 25% go dtí níos mó ná 4.4 milliún paisinéir. Bhain
cuid den dlús a bhí leis an ardú sin le os cionn 30 bealach nua nó seirbhís nua
go dtí mór-roinn na hEorpa a sheoladh ó thús na bliana.
Tháinig borradh 7%
faoin margadh Tras-Atlantaigh i rith na chéad sé mhí den bhliain nuair a
thaistil os cionn 586,000 paisinéir anonn go Meiriceá Thuaidh nó
anall.
Tháinig ardú 6% go dtí os cionn 4.2 milliún paisinéir ar líon na
bpaisinéirí anonn nó anall idir Éire agus an Ríocht Aontaithe agus cruthaíodh go
maith leis an trácht intíre chomh maith mar ar thaistil os cionn 380,000
paisinéir, ardú 23% i gcomparáid leis an tréimhse céanna anuraidh.
Seoladh 38
bealach taistil nó seirbhís nua ó thús na bliana ar an iomlán.
Ag tagairt dó
do na figiúirí tráchta is deireanaí, dúirt Robert Hilliard, Stiúrthóir Aerfort
Bhaile Átha Cliath “Tá oiread an fhoráis bhreise ar fad a tháinig ar thrácht
paisinéirí i rith na bliana 2005 sáraithe ag Aerfort Bhaile Átha Cliath le linn
na chéad sé mhí den bhliain seo agus thuigfí ón trácht atá á thuar go mbeidh
líon na bpaisinéirí faoi dheireadh na bliana os cionn 21 milliún.
Is é
dúshlán dáiríre an Aerfoirt é freastal ar an mborradh suntasach seo faoi thrácht
paisinéirí gan aon acmhainní breise críochfoirt. Ina fhianaise sin
rinneadh roinnt bearta gearrthéarmacha i bhfoirgneamh an chríochfoirt agus in
áiteanna eile, ar nós seirbhísí neamhriachtanacha ar an Urlár Imeachta a bhaint
amach d’fhonn feabhas a chur ar thimthriall na bpaisinéirí trí fhoirgneamh an
chríochfoirt agus 8 ngeata bordála nua sealadach a chur isteach” arsa an
tUas. Hilliard.
“Tá an bhéim anois ar chur leis an uasacmhainn
meántéarmach le Limistéar Seiceála Isteach 14, ar ceann nua é a mbeidh 24 deasc
seiceála isteach sa bhreis ann agus é le bheith críochnaithe i mí na Nollag,
agus Piara D, ar a mbeidh 14 geata bordála agus atá le bheith críochnaithe i mí
Deireadh Fómhair 2007. Ní féidir freastal ar na riachtanais
acmhainne fadtéarmacha ach amháin tríd an dara críochfort a chur ar fáil agus
cuirfear iarratas ar chead pleanála do C2 faoi bhráid an údaráis phleanála
áitiúil roimh dheireadh an tsamhraidh,” a dúirt an tUas. Hilliard mar
fhocal scoir
Críoch
12ú Iúil, 2006
Tuilleadh eolais ag: Siobhán Moore - 01.814 4108 / 087.2710065
Secondary Content Navigation: