Top Level Content Navigation:
Baile Átha Cliath – 24ú Lúnasa, 2006: Ceadaíonn
Bord na Great Southern Hotels Limited (GSH) díolachán seacht as an ocht óstán
atá acu mar ghnóthais leantacha. Dhaingnigh Údarás Aerfort Bhaile Átha
Cliath an cinneadh seo.
Tá díolacháin na n-óstán le bheith críochnaithe faoi
dheireadh mí Meán Fómhair 2006. Gnóthóidh fáltas an díola os cionn €265 milliún.
Glacadh le tairiscintí ó thrí ceannaitheoir éagsúil do gach óstán de chuid
Great Southern Hotels seachas Ros Láir. Cheannaigh Edward Holdings
Limited, comhlacht de chuid Gerry Barrett óstán Chill Áirne, An Fhaiche Mhór
agus na Coiribe. Cheannaigh comhlacht de chuid Ronan McArdle, Frank
McArdle, Alan McIntosh agus na deartháireacha Walsh na trí óstán ag Aerfort
Bhaile Átha Cliath, Chorcaí agus na Sionainne. Cheannaigh Spentor Limited,
comhlacht de chuid Bernard McNamara óstán Páirc na Saileach. Níor aimsíodh
tairiscint sásúil don óstán i Ros láir mar mhír ann féin. Tá lánmhuinín ag GSH
go ndíolfar an óstán seo go luath amach anseo.
Dhíol GSH an bun de 25% a bhí
acu sa City of Derry Hotel do scairsealbhóirí áitiúla a bhí ann cheana
féin.
Tugadh an deis do gach fostaigh de chuid GSH aistriú chun na n-úinéirí
nua nó tearbadh deonach mar chuid den phróiseas díolacháin. Níos luaithe
an mhí seo vótáil an foireann go mór ar son na socruithe úd trí bhallóid. Tá
téarmaí agus coinníolacha fostaíochta na foirne gur mhaith leo aistriú chun na n-úinéirí nua faoi chosaint ag
an gComhphobal Eorpach (Cearta Fostaithe a Chosaint ar Ghnóthais a Aistriú) 2003 agus
nuair a aistríonn siad geobhaidh na fostaithe seo cnapshuim íocaíochta ex-gratia sa
bhreis.
Críoch
Déan teagmháil leo seo a leanas i gcomhair tuilleadh
eolais:
Conor Dempsey
Slattery Communications (01) 634 2508 / (086) 247
9892
nó
Siobhan Moore, Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath, (01)
8144108 / (087) 2710065
Secondary Content Navigation: