Top Level Content Navigation:
Tá Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (ÚABÁC) chun
críochfort nua de chostas €395m a thógáil ag Aerfort Bhaile Átha Cliath a beidh
in ann suas le 15 milliún paisinéir a láimhseáil in aghaidh na bliana.
Tá
tógáil C2 dlite chun tosú sa dara ráithe den bhliain seo chugainn agus osclófar
an críochfort nua san Fhómhar 2009. Feabhsóidh C2 taithí na bpaisinéirí a
úsáideann Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ardóidh sé acmhainn an Aerfoirt chun
go bhféadfadh sé glacadh le 35 milliún paisinéir in aghaidh na
bliana.
“Cuirfidh C2 príomhbhealach grástúil agus nua aimseartha ar fáil
d'Éirinn na fiche haonú aoise,” a dúirt Gary McGann, Cathaoirleach ÚABÁC.
"Socróidh sé, ar bhealach éifeachtach ó thaobh costais de, an fhadhb atá againn
i láthair na huaire maidir le acmhainn Aerfort Bhaile Átha Cliath, déanfaidh sé
freastal ar cheanglas an Rialtais an críochfort a sholáthar faoi dheireadh na
bliana 2009 agus beidh sé mar bhuaicphointe d'ÚABÁC maidir leis an tiomantas atá
againn príomhchuspóirí na bpáirtithe leasmhara agus na
gcustaiméirí a sheachadadh.”
Foirgneamh geal nua
aimseartha a bheidh i C2, deartha chun freastal ar dhíotha na bpaisinéirí. San
áireamh beidh spásanna móra oscailte in áiteanna cosúil leis an limistéar
cláraithe, athghabháil bagáiste, an slándáil agus an tolglann imeachta. Beidh
áiseanna sa chríochfort nua ar 75,000 méadar cearnaithe tiomnaithe i leith na
ndíotha atá ag lucht taistil ghnó agus paisinéirí ag taisteal le leanaí óga.
Cruthóidh na háiteanna poiblí timpeallacht chiúin agus suaimhneach do
phaisinéirí ag teacht agus ag imeacht.
Cuirfear an iarratais pleanála
do C2 faoi bhráid Comhairle Contae Fhine Gall an tseachtain seo, chomh maith le
hiarratas pleanála do Phiara nua (Piara E), córas bóithre feabhsaithe, uasghrádú
ollmhór ar fhóntais agus réimse leathan oibre atá bainteach leis sin. Beidh an
costas iomlán, don chríochfort agus don bhonneagar nua ar cuardaíodh cead
pleanála dóibh, beagán os cionn €600m ag na praghsanna reatha.
Tógfar C2 gar den timpeallán ar an mbóthar isteach chun Críochfort a hAon
atá ann cheana. Déanfar uasghrádú agus athchóiriú ar na bóithre inmheánacha in
Aerfort Bhaile Átha Cliath mar chuid den phlean i gcomhair C2, agus cruthófar
bealach isteach ar leith do C1 agus C2. Tá láithreacha i gcomhair stáisiún
meitreo agus ionad iompair ar talún san áireamh sa phlean forbartha don todhchaí
chomh maith.
Is foirgneamh cuarlíneach ar thrí urlár é C2, atá suite in aice
leis an bpríomhbhealach isteach do Críochfort a hAon.. Tá dhá príomhchodanna san
fhoirgneamh - limistéar cláraithe agus limistéar imeachta agus teachta -
atá ceangailte le nasc a bheidh mar chnámh droma an fhoirgnimh nua. De thoradh
na caoi ina suíonn C2 in aice an bhóthair rachaidh an trácht feithiclí uile atá
ag teacht isteach chun an chríochfort reatha cheana féin faoin nasc seo chun C1.
Sa limistéar cláraithe nua spásúil feicfidh paisinéirí beagnach 60 deasc
cláraithe traidisiúnta chomh maith leith réimse leathan de bhothanna
féinchláraithe agus ionaid bagáiste féinseirbhíse. I ndiaidh dul tríd limistéar
lárnach slándála, rachaidh siad isteach go tolglann imeachta mhór le hionaid
siopadóireachta agus lónadóireachta le radharc ar an aerpháirc. Rachaidh
paisinéirí ar aghaidh ansin chun na ngeataí bordála ag an bPiara nua E chun dul
ar bord a n-eitilt.
Ligeann na háiseanna nua don phaisinéir dul ón ngeata go
dtí an taoibh thalún, trí lár an Aerfoirt gan dul ó leibhéal amháin go leibhéal
eile. Gné eile de dhearadh C2 ná go rachaidh gach paisinéir trí croílár an
fhoirgnimh bíodh siad ag teacht isteach nó ag imeacht.
Ceaptar go
mbeidh Aer Lingus ar an úsáideoir is mó de C2 ach beidh an críochfort nua in
úsáid ag iompróirí trasatlantacha agus idirilchríocha eile chomh maith. Beidh
geataí ag an áis nua Piara E, a bheidh ar 24,000 méadar cearnaithe agus
ingearach do C2, i gcomhair suas le 19 aerárthaí gearraistir nó suas le 8
aerárthaí cianaistir.
Dúirt Príomhfheidhmeannach ÚABÁC, Declan Collier cé go
n-osclódh C2 i 2009, go bhfeicfeadh paisinéirí in Aerfort Bhaile Átha Cliath
áiseanna feabhsaithe ag tosú níos déanaí i mbliana. Tá obair ar bun faoi láthair
ar Limistéar 14, limistéar cláraithe ar an urlár íochtarach talún nua i C1, a
osclófar i mí na Nollag i mbliana. Tá tógáil Piara D, a osclófar san Fhómhar
2007, ag druidim ar aghaidh chomh maith agus cruthóidh sé limistéar imeachta nua
bríomhar le 14 geata nua i gcomhair slánúcháin aerárthaí gearraistir.
“Táimid ag gníomhú chun acmhainn nua a chur ar fáil ag Aerfort Bhaile Átha
Cliath chun freastal ar an bpobal taistil agus ár aerlínte páirtithe,” a dúirt
sé chomh maith. “Le blianta beaga anuas, níor choinnigh na háiseanna i mBaile
Átha Cliath cos leis an méadú ollmhór ar phaisinéirí. É sin ráite, le teacht C2,
Piara E agus ár bpleananna chun feabhas a chur ar champas an aerfoirt uile,
cuirfimid bealach nua isteach, d'ard chaighdeán agus ar chostas éifeachtach ar
fáil, do lucht taistil aeir na hÉireann agus do chuairteoirí chun na tíre seo
chomh maith. Sa chomhthéacs seo, fáiltímid go ndéanfaidh na hiniúchóirí
neamhspléacha a cheap an Rialtais éifeacht na bpleananna a fhográimid inniu ó
thaobh costais de a dheimhniú.”
Luaigh sé chomh maith go bhfuil na pleananna
i gcomhair C2 agus Piara E mar phríomhghnéithe de Clár Forbartha mór ag Aerfort
Bhaile Átha Cliath agus go bhfuil rúidbhealach comhthreomhar nua, fadú de
Chríochfort a hAon - atá ann cheana féin, agus réimse feabhsúcháin eile, a
chuirfear ar fáil thar na chéad deich mbliana eile san áireamh ann chomh maith.
Forbraíobh dearadh agus sonraí C2 i ndiaidh phróiseas mion comhairliúcháin
le haerlínte agus geallsealbhóirí tábhachtacha eile ag Aerfort Bhaile Átha
Cliath. Thug an phróiseas seo pleananna forbartha a bhí i bhfad níos ionsaithí
le fios i measc na bpríomhaerlínte ag Aerfort Bhaile Átha Cliath ná mar a mheas
ÚABÁC anuraidh nuair a foilsíodh an chéad dréacht de Chlár Forbartha an
Aerfoirt.
“Tá méadú tar éis teacht ar an bplean forbartha a bhí againn ar
dtús, agus géarú ar sholáthar cuid de na príomhghnéithe den bhonneagar
tacaíochta, de thoradh ár dtiomántas maidir le freastal ar dhíotha ár
gcustaiméirí aerlíne, soláthróirí seirbhíse agus paisinéirí ar an mbealach is
éifeachtaí agus is féidir,” dúirt Declan Collier.
“Chun na pleananna
atá á fhógairt inniu againn agus bonneagar riachtanach eile a chur ar fáil,
beidh an costas sa bhreis ar an €1.2bn a fógraíodh sna teilgin anuraidh, ar
Chlár Forbartha Fadtéarmach ÚABÁC ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. Táimid ag obair
i dteannta an Rialaitheora agus Páirtithe Leasmhara eile i láthair na huaire
maidir le sonraí na infheistíochta seo.”
Dhearaigh foireann thionscadail le
Arup, Pascall + Watson and Mace san áireamh C2 . Ceapadh an cuibhreannas mar
bhainisteoir tionscadail agus dearthóir do C2, Piara E agus na hoibreacha
comhtháthaithe ar fad níos luaithe i mbliana. D'oibrigh na gnólachtaí úd ar
chláir mhóra in aerfoirt éagsúla cheana mar shampla Críochfort 5 ag Heathrow,
Críochofort 3 i mBeijing, Chek Lap Kok International Airport i Hong Kong agus
Seeb International Airport in Oman.
Críoch
Eisithe 30ú Lúnasa
2006
Déanaigí teagmháil leo seo a leanas i gcomhair a thuilleadh eolais (na meáin
amháin) :
Vincent Wall, Stiúrthóir Cumarsáide, ÚABÁC
Teil 01 814 4107, 087
6860727
Paul O’Kane, Bainisteoir Cumarsáide, Chlár Forbartha Aerfort
Bhaile Átha Cliath, ÚABÁC
Teil 01 814 1897, 086 6090221 r-phost: paulm.okane@dublinairportauthority.com
Secondary Content Navigation: