Media Centre

Tá ÚABÁC chun turas na bpaisinéirí a Fheabhsú agus Sainordú an Rialtais a Chomlíonadh trí Críochfort Eile a chur ar fáil in Aerfort Bhaile Átha Cliath faoi 2009

Cuirfidh Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (ÚABÁC) feabhas ar thuras gach paisinéara a úsáideann Aerfort Bhaile Átha Cliath laistigh de thrí bliana trí chríochfort nua paisinéirí a chur ar fáil go héifeachtach ó thaobh costais de, i dteannta le réimse leathan áiseanna nua agus uasghrádaithe, cé go ndearna Ryanair iarracht, ar cúis aiféala é, moill a chur ar na sochair úd ar chúiseanna gan ábhar ná fiúntas.
Chuir ÚABÁC iarratas sonrach pleanála faoi bhráid Chomhairle Contae Fhine Gall  i ndeireadh Lúnasa maidir leis an gcríochfort nua (C2) agus an bonneagar a bhaineann leis. Cuireann sceideal tógála an chríochfoirt nua dóthain ama ar fáil i gcomhair achomhairc. Ag brath ar thoradh an phróisis phleanála, tosófar ar thógáil an chríochfoirt nua go luath sa samhradh 2007.
“Tá an infheistíocht nua agus na háiseanna nua seo de dhíth go práinneach ar úsáideoirí Aerfort Bhaile Átha Cliath mar tá méadú leanúnach nach beag ag teacht ar líon na bpaisinéirí. Dá bhrí sin, is baolach go gcuirfidh aon agóid gan bhunús moill nach gá agus anachain ar phaisinéirí uile an Aerfoirt ó thaobh plódú ag na buaic-amanna agus feidhmiú de,” a dúirt Declan Collier, Príomhfheidhmeannach ÚABÁC.
“Is í tuairim ÚABÁC go bhfuil deireadh anois leis na díospóireachtaí maidir le soláthar C2 ó rinne na sainchomhairleoirí neamhspleácha a cheap an Rialtas deimhniú le déanaí go bhfuil an phróiseas buiséadaithe agus costas an chríochfoirt de réir an dea-chleachtais idirnáisiúnta is fearr.
“Tacaíonn an Rialtas, na príomhpháirtithe leasmhara tionsclaíochta agus formhór ár gcustaiméirí lenár bpleananna forbartha agus táthar ag súil anois go gcuirfear tús leo. Sin atá ar intinn agat a dhéanamh agus táimid ag iarraidh go dtacódh gach duine gur mhaith leo seachadadh tapa ar chostas íseal do na háiseanna atá de dhíth chun feabhas a chur ar Aerfort Bhaile Átha Cliath chun go mbeidh sé ar an bpríomhbhealach isteach go hÉirinn san 21ú aois de bharr ár ndíchill," a dúirt sé.
I mí Bhealtaine 2005 d'ordaigh an Rialtas don ÚABÁC an dara críochfort paisneirí a thógáil in Aerfort Bhaile Átha Cliath agus é a chur á úsáid roimh deireadh 2009.  De réir an chinnidh seo, roghnófar riarthóir an chríochfoirt nua trí phróiseas tairisceana poiblí.
I ndiaidh próiseas comhairliúcháin láithreach agus srianta ó thaobh ama de leis na haerlínte agus úsáideoirí eile an aerfoirt, chuir ÚABÁC foireann ailtirí, dearthóirí agus sainchomhairleoirí ar an gcaighdeán idirnáisiúnta is airde le chéile chun obair a dhéanamh lena bhfoireann speisialtóireachta féin, chun tógáil C2 agus an bonneagar a bhaineann leis sin ar thaobh na talún agus na haerpháirce a bhrú ar aghaidh.
I ndiaidh na gceapachán sin, bhí dianphróiseas comhairliúcháin eile ann leis na haerlínte agus na páirtithe leasmhara eile in Aerfort Bhaile Átha Cliath i rith an chéad sé mhí den bhliain, maidir le gnó sa todhchaí. Bhí tionchar díreach ag an bpróiseas úd ar dhearadh, mhionsonraíocht agus chostais an chríochfoirt nua agus na háiseanna eile.

De thoradh na bpleananna bríomhara nua seo maidir le forás atá ann i measc na n-aerlínte in Aerfort Bhaile Átha Cliath, rinne ÚABÁC cinneadh chun na pleananna a bhí acu chun críochfort nua ar 75,000 méadar cearnaithe a bhrostú in ionad na háise 50,000 meadar a bhí pleanáilte acu ar dtús. Is iad an méadú nach beag ó thaobh scála na forbartha de agus an méadú ar chastacht roinnt gnéithe a tháinig ina theannta sin ba chúis leis an gcostas leasaithe luach €400m i gcomhar C2, de réir na bpraghsanna reatha. 
Láimhseálfaidh an críochfort nua agus na geataí bordála ar a dtugtar Piara E suas le 15 milliún paisinéir sa bhliain. Déanfaidh sé freastal ar mheascán de thrácht eitlíochta, lucht iompair cianaistir ionchais atá ann cheana féin ach go háirithe, comhlachtaí a théann amach as Aerfort Bhaile Átha Cliath agus a thagann isteach ann. 
Cabhróidh an bonneagar nua seo chun feabhas a chur ar Aerfort Bhaile Átha Cliath ag ligint don aerfort suas le 35 milliún paisnéir a láimhseáil go sábháilte, slán agus compordach gach bliain. Déanfaidh sé buntáistí nach beag a chur ar fáil do phaisnéirí uile an Aerfoirt, trí tuilleadh spáis a chruthú sa chríochfort atá ann cheana féin agus trí éifeacht oibriúcháin eile a sholáthar ar fud champas an Aerfoirt ar fad.
Tá sé ar intinn ag ÚABÁC os cionn €300m a chaitheamh thar na chéad cheithre bliana eile ar áiseanna nua, uasghrádaithe agus athchóirithe a chur ar fáil do phaisinéirí sa chríochfort reatha (C1).
An táille aerfoirt is mó ag Aerfort Bhaile Átha Cliath ná beagán os cionn €6 in aghaidh an phaisinéara, an táille is ísle in aon phríomhaerfort san Eoraip. Mar sin féin, de réir anailíse a rinneadh don Rialaitheoir Eitleoireachta i 2005, tá Aerfort Bhaile Átha Cliath ar an dara aerfort is éifeachtaí i bpiarghrúpa 25 Aerfort Eorpach, ó thaobh cóimheas an  chostais in aghaidh líon na bpaisinéirí de.
Tá ÚABÁC ag iarraidh €7.50 a bhaint amach in aghaidh an phaisinéara thar an tréimhse rialála reatha cheithre bliana chun íoc as na bpleananna forbartha in Aerfort Bhaile Átha Cliath thar an tréimhse chéanna. Ní ghearrtar na táillí seo ar na haerlínte ach ar na paisinéirí mar chuid de phraghas an ticéid don eitilt. Thug paisinéirí a rinne ÚABÁC suirbhé orthu le fios go mbeadh siad sásta an méadú beag seo sna táillí a íoc chun íoc as an gclár forbartha atá de dhíth ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.
I ngach aerfort mór a rialaítear go hidirnáisiunta, is gnách go gcuireann gach paisinéir go cothrom le maoiniú an bhonneagair atá de dhíth ar an aerfort. Murach sin, is féidir go mbeadh sé doiligh teacht ar aontú maidir le cé na paisinéirí ar cóir dóibh íoc as roinnt áiseanna ar leith agus chruthódh sé seo moill maidir le hinfheistíocht, rud arb é leas páiritithe leasmhara uile an aerfoirt é.

26 Meán Fómhar, 2006
Déanaigí teagmháil leo seo a leanas i gcomhair a thuilleadh eolais:
Vincent Wall, Stiúrthóir Cumarsáide, ÚABÁC:  (01) 8144107 nó (087) 6860727