Top Level Content Navigation:
Chuir Príomhfheidhmeannach Údarás Aerfort Bhaile Átha
Cliath, Declan Collier fáilte inniu (25 Deireadh Fómhar 2006) roimh chinneadh
Chomhairle Contae Fhine Gall chun glacadh le pleananna an dara críochfoirt in
Aerfort Bhaile Átha Cliath.
“Is mór an chúis áthais dúinn gur éirigh lenár
bpleananna le feabhas a chur ar Aerfort Bhaile Átha Cliath dul slán thar an
chéad dúshlán sa phróiseas pleanála,” a dúirt an tUas. Collier. “Déanfaimid
mionscrúdú anois ar an gcinneadh roimh aon ráiteas a dhéanamh maidir le
mionsonraí an cheada pleanála atá faighte againn.”
Bhí cead á lorg ag ÚABÁC
chun críochfort paisinéirí nua, C2, 75,000 méadar cearnaithe, a thógáil gar don
timpeallán ar an mbóthar isteach chun Críochfort a hAon atá ann cheana féin. Bhí
cead á lorg chomh maith d'fhoirgneamh piara nua ar 24,000 méadar cearnaithe,
Piara E, le suas le 20 seastán bordála nua air.
Tá tógáil C2 chun tosnú i
rith an dara ráithe den bhliain seo chugainn, agus osclófar an críochfort nua
san Fhómhar 2009.
“Próiseas daonlathach atá sa phróiseas pleanála in
Éirinn agus tá sé de cheart ag na páirtithe a bhfuil suim acu sa scéal tuairimí
a bheith acu maidir le forbairt an bhonneagair. Táimid ag súil áfach, ma
bhíonn achomhairc ann maidir leis an gcinneadh seo, go mbogfaidh an próiseas
achomhairc ar aghaidh chomh tapa agus is féidir ar mhaithe le gach duine a
úsáideann Aerfort Bhaile Átha Cliath” a dúirt an tUas. Collier chomh
maith.
“Tá C2 ina chuid ríthábhactach de bhonneagar taistil na hÉireann
agus tá ÚABÁC ag obair taobh istigh de fhráma ama an-chúng chun an acmhainn nua
atá de dhíth chomh mór sin ar Aerfort Bhaile Átha Cliath a
sholáthar.”
Ciallaíonn dearadh C2 gur féidir 90,000 méadar cearnaithe sa
bhreis a chur leis sa todhchaí, agus tá cead faighte anois don dara
forbairt úd a d'fhéadfaí a dhéanamh. Leagann an cead pleanála seo an bealach
amach chun feabhas a chur ar an gcóras inmheánach bóithre, uasghrádú ollmhór a
dhéanamh ar fhóntais agus réimse eile oibreacha gaolmhara in Aerfort Bhaile Átha
Cliath.
Ag na praghsanna reatha cosnóidh an clár C2 ar fad beagán os cionn
€600m áit a gcosnóidh an críochfort féin beagán níos lú ná €400m. Déanfar
uasghrádú agus athchoimriú ar an ngréasán bóithre inmheánach in Aerfort Bhaile
Átha Cliath mar chuid de na pleananna de C2, chun bealach isteach ar leith a
chruthú do C1 agus C2. Tá láithreacha do stáisiún metro agus ionad iompair ar
talamh san áireamh sna pleananna forbartha d'Aerfort Bhaile Átha
Cliath.
Cuireadh na pleananna do C2, Piara E agus uasghrádú leathan atá
gaolmhar faoi bhráid Chomhairle Contae Fhine Gall i ndeireadh Lúnasa. Tugadh na
pleananna chun cinn i ndiaidh comhairliúcháin fhorleathain le haerlínte agus
láimhseálaithe talún, agus dheimhnigh sainchomhairleoirí neamhspleácha costais a
bhí ag tuairisciú don Rialtas na mionsonraí agus na costais a bhain leis seo.
“Tá na paisinéirí, an Rialtas, na hearnálacha gnó agus turasóireachta agus
formhór ár gcustaiméirí aerlíne ag iarraidh go mbeadh an críochfort nua seo ann.
Tá ÚABÁC chun é seo a chur ar fáil faoi 2009,” arsa Declan
Collier.
Críoch
Déanaigí teagmháil leo seo a leanas i gcomhair a
thuilleadh eolais:
Paul O’Kane, Bainisteoir Cumarsáide, Clár Forbartha
Aerfoirt
01 8141897, 086 6090221
Vincent Wall, Stiúrthóir Cumarsáide,
ÚABÁC
01 8144107, 087 6860727
NÓTA ÓN EAGARTHÓIR: Tá Imprisean
Ealaíontóra de C2 ar fáil ar shuíomh Gréasáin Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath
www.dublinairportauthority.com
Secondary Content Navigation: