Top Level Content Navigation:
Tá Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (ÚABÁC) chun síneadh costais luach €50m
a chur leis an gCríochfort atá in Aerfort Bhaile Átha Cliath i láthair na
huaire.
Cruthóidh an síneadh 7,500 méadar cearnaithe, rud a thógfar i
gcoirnéal iarthuaiscirt an Chríochfoirt, tuilleadh spáis do na paisinéirí, do
dheascanna cláraithe agus d'áiteanna miondíoltóireachta. Déanfar an áis nua seo
a chur ar fáil de réir a chéile, agus beidh an chéad chuid de ar fáil agus í in
úsáid san Earrach 2008.
Tá an síneadh le Críochfort a hAon mar chuid de chlár
forbartha caipitil dar costas €2bn a athchóireoidh Aerfort Bhaile Átha Cliath
sna deich mbliana atá le teacht. Tá tógáil C2, soláthar rúidbhealaigh nua chomh
maith le huasghrádú agus athfhorbairtí eile ar fud champas an aerfoirt ar fad
mar chuid den chlár.
Dúirt Príomhfheidhmeannach ÚABÁC Declan Collier go
gcuirfidh an síneadh seo ar Chíochfort a hAon, rud a chosnóidh €50m,“an spás atá
de dhíth go géar ar phaisneirí ar fáil, agus go bhfeabhsóidh sé turas na
bpaisinéirí in Aerfort Bhaile Átha Cliath”.
Ina theannta sin dúirt sé go
bhfuil ÚABÁC ag obair ar réimse leathan feabhsúchán a chuirfidh le sásamh na
bpaisinéirí i gCríochfort a hAon, chomh maith leis an tionscadal ar C2, trí
acmhainn breise agus athchóirithe a chur ar fáil ann de réir a chéile. “Níl san
infheistíocht seo luach €50m i gCríochfort a hAon ach tionscadal amháin i measc
réimse leathan tionscadal ar mhaithe le turas na bpaisinéirí ar fad in Aerfort
Bhaile Átha Cliath a fheabhsú,” ar seisean. “Thar na chéad chúig bliana eile
déanfaimid infheistíocht luach €450m nó mar sin i dtionscadail a bhaineann le
Críochfort a hAon. San áireamh sa chaitheachas seo tá síneadh ar C1, tógáil
Piara D, oibreacha naprúin nua, uasghrádú ollmhór ar bhóithre agus ar cholbhaí
agus líon mór athchóirithe chomh maith le huasghrádú leathan go hinmheánach.”
Taisceadh iarratas pleanála le Comhairle Chontae Fhine Gall inniu (Déardaoin
7ú Nollaig) do Chríochfort a hAon. Ag brath ar phleanáil, tosófar ar an tógáil
an bhliain seo chugainn agus críochnófar síneadh Críochfort a hAon san Fhómhar
2008.
Táthar ag cur leis an gcuid thuaidh de Chríochfort a hAon chun cabhrú
leis an mborradh atá tagtha faoi phaisinéirí a bhíonn ag taisteal ó Phiara A
agus Piara D nua a osclófar i bhfómhar na bliana seo chugainn. Táthar ag súil
leis go mbainfidh os cionn 12 milliún paisinéir úsáid as Piaraí A agus D le linn
2008, sin méadú 40% ar líon na bpaisinéirí i láthair na huaire san áit
chéanna.
Foirgneamh ar dhá urlár le hidirurlár atá san áras nua triantánach
seo a mhéadóidh an críochfort faoi mar atá sé i láthair na huaire ag leibhéal an
halla imeachta, ag leibhéal an halla teachta agus ag leibhéal an idirurláir.
Beidh an píosa nua suite ar cholúin choincréite os cionn leibhéal na talún chun
gur féidir an naprún thíos faoin bhfoirgneamh a choimeád in úsáid do na
láimhseálaithe talún agus seirbhísí eile a bhaineann leis an eitilt.
Ag an
leibhéal imeachta, cuirfidh an síneadh tuilleadh spáis ar fáil do limistéar
cláraithe athchoimrithe, le 20 deasc cláraithe nua chomh maith le spás nach beag
sa bhreis do phaisinéirí. Lastall de na hionaid slándála do phaisinéirí,
cruthóidh an tionscadal spás cúrsaíochta níos mó do phaisinéirí ar a mbealach
chun Piara A agus Piara D. Cuirfidh an síneadh limistéar siopadóireachta ar fáil
chomh maith le limistéar bia agus dí feabhsaithe. Tiocfaidh paisinéirí ar an
limistéar nua seo ag deireadh Piara A agus an "tSráid" siopadóireachta atá san
aerfort i láthair na huaire, áit a gcuirfear ionad nua ar stíl café.
Bhí
ADPi i gceannas ar an gcuibhreanas a dhearaigh an síneadh i gcomhar le foireann
um thionscadail inmheánacha caipitil de chuid ÚABÁC. Tá ADPi, rud atá mar
fho-chuideachta de chuid Aeroports de Paris, ar cheann de na príomhdhearthóirí
domhanda ó thaobh críochfoirt paisinéirí de.
Idir an dá linn, tá an obair
beagnach críochnaithe ar limistéar cláraithe nua ar urlár íochtair na talún i
gCríochfort a hAon, agus beidh sé críochnaithe go hiomlán faoi dheireadh na
bliana. Cuirfidh sé seo 25 deasc cláraithe sa bhreis ar fáil gur féidir leo
freastal a dhéanamh ar ceithre mhilliúin phaisinéir gach bliain agus cabhrú chun
tionchar an bhrú tráchta in Aerfort Bhaile Átha Cliath a laghdú i rith na
mbuaicthréimhsí taistil, agus C2 á thógáil.
Críoch
Déanaigí teagmháil leo seo a leanas i gcomhair a thuilleadh
eolais:
Vincent Wall, Stiúrthóir Cumarsáide, ÚABÁC
Teil 01 8144107,
0876860727
Paul O’Kane, Bainisteoir Cumarsáide, Clár Forbartha Aerfoirt,
ÚABÁC
Teil 01 8141897, 086 6090221
Nóta ón Eagarthóir
Clár
Forbartha Aerfort Bhaile Átha Cliath
Tá sé ar intinn ag ÚABÁC infheistíocht
€2bn a dhéanamh chun Aerfort Bhaile Átha Cliath a fheabhsú laistigh de dheich
mbliana. Is é C2 an ghné is mó den tionscadal is é sin críochfort paisinéirí do
Bhaile Átha Cliath chun oscailt san fhómhar 2009. Cosnóidh an críochfort nua
€395m cé go gcosnóidh an tionscadal C2, Piara E, oibreacha naprúin, feabhsú ar
chóras bóithre an champais agus uasghrádú ollmhór ar áiseanna san áireamh,
beagán os cionn €600m.
Tá Piara D, limistéar imeachta nua dar costas €120m,
á thógáil i láthair na huaire agus osclóidh sé san fhómhar seo chugainn. Beidh
sé ar an gcéad phríomhchuid den bhonneagar a sheachadófar faoi phleananna ÚABÁC
chun feabhas a chur ar Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Cuibhreannas C1X
Tá
ADPi, atá mar fhochuideachta de chuid Aeroports de Paris, ar cheann de na
príomhdhearthóirí domhanda ó thaobh críochfoirt paisinéirí de agus príomhailtire
C1. Tá RPS, CH2M Hill, Bruce Shaw Partnership, Broadway Malyan, agus ailtirí KMD
i measc lucht an chuibhreannais.
Secondary Content Navigation: